Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Feb 1969

Vol. 238 No. 2

Teachtaireachtaí ó Thíortha Eile

Fuair mé na teachtaireachtaí breise seo a leanas maidir le Comhaireamh Caoga Bliain ó chéad tionól an Chéad Dáil Éireann:

Ó Cheanada

Thar ceann Teach na gComónach, Ceanada, is mian liom mo chomhghairdeas croí a chur in iúl do Dháil Éireann ar ócáid an chomh-aireamh Caoga Bliain ó lá a céadtionóil. Léirítear an dlúthbhaint phearsanta atá ag a lán Ceanadach le hÉirinn i gcomhaltas Theach Parlaiminte Cheanada. Mar gheall ar an dlúthbhaint sin tá suim ar leith ag Ceanada san obair atá curtha i gcrích ag muintir na hÉireann agus atá léirithe chomh glinn sin in obair na Dála le leathchéad bliain anuas. Go raibh barrshamhail na saoirse agus an tuiscint don fhreagracht a spreag teachtaí na Chéad Dála mar threoir duitse agus do do chomhaltaí in bhur ndíospóireachtaí san am le teacht.

Lucien Lamoureux, M.P.

Cathaoirleach.

Ón Ostair

Tá sé d'onóir agam comhghairdeas a dhéanamh leis an Dáil ar ócáid Chomhaireamh Caoga Bliain ó lá a céad-tionóil thar ceann Chomhairle Náisiúnta na hOstaire agus thar mo cheann féin.

Gach uile dhea-ghuí don am le teacht agus go neartófar tuilleadh na ceangail idir ár dhá dtír agus ár bParlaimintí.

An Dr. Alfred Maleta, Uachtarán na Comhairle Náisiúnta.

Cuirfear téacs na dteachtaireachtaí seo sa Leabharlann mar cuireadh téacs na dteachtaireachtaí a fógraíodh cheana Féin.

Top
Share