Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 6 Mar 1969

Vol. 238 No. 16

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Directors of Semi-State Bodies.

107.

asked the Minister for the Gaeltacht the names and addresses of and salaries paid to the directors of the semi-State bodies for which he is responsible, in February, 1969, and for each February of the past three years; and if he will give details of the other directorships held by those semi-State board directors currently serving.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, cuirfear sonraí timpeall sa Tuarascáil Oifigiúil i dtaobh na gceapachán a bhfuil baint agamsa leo.

Is mar seo a leanas atá na sonraí:

Gaeltarra Éireann

Ó 1 Meitheamh, 1966, i leith is iad comhaltaí an Bhoird ná—

I. Ó Cionnaigh (Cathaoirleach), Dún Droma, Baile Átha Cliath, 14.

M. Mac Fhionntaigh, Bealach Féich, Co. Dhún na nGall.

C. Ó Bearáin, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, 6.

S. Ó Dochartaigh, Gaillimh.

D. Ó Ríordáin, Eas Géitine, Co. Luimnigh, agus

L. Tóibín, Cnoc Mhuirfear, Co. Bhaile Átha Cliath.

Is é an luach saothair ná £750 sa bhliain i gcás an chathaoirligh agus £375 i gcás comhalta eile. Arramara Teoranta

Le breis agus trí bliana anuas is iad na stiúrthóirí atá i gceist ná—

G. Mac Bháird (Cathaoirleach), Baile Átha Cliath, 9.

A. Ó Baoighealláin (Comhstiúirthóir Bainistíochta), Baile Átha Cliath, 6.

(Tá stiúrthóirí eile a cheap comhlacht a bhfuil cuid de na scaireanna aige.)

Is é an luach saothair ó 1 Iúil, 1966, i leith ná £200 sa bhliain i gcás an chathaoirligh agus £300 i gcás comhstiúrthóra bhainistíochta.

Top
Share