Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 Mar 1969

Vol. 239 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Filíocht Pheadair Uí Dhoirnín.

56. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé beartaithe filíocht Pheadair Uí Dhoirnín a fhoilsiú ar ócáid chomóradh bhás an fhile; agus má tá, cathain a bheidh an foilseachán ar fáil.

Tá sé beartaithe filíocht Pheadair Uí Dhoirnín a fhoilsiú ar ócáid chomóradh bhás an fhile. Tá súil agam go mbeidh an foilseachán ar fáil go luath an mhí seo chugainn.

Nach léir don Aire go bhfuil beatha na Gaeilge deacair go leor gan caolaigeantacht den tsaghas seo a chuireann cosc ar fhoilsiú na ndánta seo le Peadair Ó Doirnín?

Tá socrú speicialta déanta chun an leabhar a chur i gcló i dtús na míosa seo chugainn.

Is trua go deo í an chinsireacht oifigiúil seo.

Ní ceart é sin. Foilseofar na dánta go léir.

An n-aontóidh an tAire liom nach bhfuil go leor ceoil ag teacht ó Chontae Lughbhaidh?

Tá a lán ceoil ag teacht ó Chontae Lughbhaidh.

57. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an mbeidh filíocht Pheadair Uí Dhoirnín, a bheartaítear a fhoilsiú ar ócáid chomóradh a bháis, gan giorrú; agus más giorraithe dí, cén fáth.

An fhilíocht de chuid Pheadair Uí Dhoirnín, a bheartaítear a fhoilsiú ar ócáid chomóradh a bháis, beidh sí gan giorrú.

An mbeidh na dánta go léir sa leabhar sin?

Foilseofar na dánta go léir.

Top
Share