Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Jul 1969

Vol. 241 No. 6

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Scaipeadh Litreach sa Ghaeltacht.

93. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an eol dó go raibh litir á scaipeadh go fairsing le linn an toghcháin i nGaeltacht na Gailimhe faoi sheoladh Roinn na Gaeltachta agus le síniú Rúnaí na Roinne sin, ag trácht ar fheabhsúcháin a bhí beartaithe sa dúiche agus go raibh ar an litir sin, sa chúinne uachtarach ar chlé, na focail "Ó Fianna Fáil" (sic); an bhfuil aon mhíniú aige ar na himeachtaí sin; agus cad atá ar intinn aige a dhéanamh mar gheall orthu.

Ní eol dom a leithéid. Tá a fhios agam, áfach, gur scríobh Roinn na Gaeltachta chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe á rá go raibh an tAire sásta deontas lánchostais £186,000 a chur ar fáil chun muiroibreacha tábhactacha a dhéanamh ag Ros an Mhíl ar an gcoinníoll go nglacfadh an chomhairle cúram a gcothabhála. Chuir an tAire cúpla cóip den litir sin chuig daoine a raibh suim ar leith acu sa scéal.

Caithfidh mé a rá leis an Aire go bhfuil cóip den litir sin agam agus tá mé chun cóip a chur sa leabharlann. I gCoill Rua i gContae na Gaillimhe a scaip Fianna Fáil í sin. Má chuirim sa leabharlann í bhfuil an tAire sásta í a scrúdú agus tuairim a nochtadh mar gheall uirthi?

Táim sásta aon scrúdú is gá a dhéanamh ach sa chaoi a bhfuil an Teachta ag iarraí a thabhairt le tuiscint gur scaip Roinn na Gaeltachta an páipéar seo——

Ní h-ea, ach Fianna Fáil.

Thar cheann Fhiann Fáil ba mhaith liom a shoiléiriú nach bhfuil pioc den fhírinne sa mhéid sin ach sa mhéid go bhfuil an Teachta á rá gur baineadh feidhm as litir ó Roinn na Gaeltachta thar cheann Fhianna Fáil. Sin ceist eile ar fad nach bhfuil mise freagrach as mar Aire na Gaeltachta. Dar ndóigh, tá cuid de chomh-Theachtaí an Teachta Ó Briain go bhfuil sean taithí acu ar litreacha a fháil ó Ranna Stáit ag tabhairt deascéil dóibh agus ar iad a scaipeadh imeasc na ndaoine ina nDáilcheantracha nó iad a chur ins na nuachtáin, fiú amháin.

Is iad Fianna Fáil a scaip í fé shíniú Rúnaí na Roinne.

Níor scaip mo Roinnse an cáipéis seo. Níl mo Roinnse freagrach as chor ar bith. Séard atá ann ná cóip de litir ar thagair mé sa fhreagra agus gur scaipeadh í thar cheann Fhianna Fáil sa Dáilcheantar sin.

Top
Share