d'Aire na Gaeltachta an bhféadfaí fánán nó caladh beag a chur ar fáil ar an gCloch Mhór Theas i gConamara le chuidiú le hiascairí an cheantair dul ag gliomadóireacht.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Muiroibreacha i gConamara.
77. D'Fhairfraí
Comhairlítear dom go mbeadh costas mór ag gabháil le muiroibreacha san áit sin agus gur beag an úsáid a bhainfí astu.
B'fhéidir nach bhfuil a lán eolais ag an Rúnaí Parlaiminte faoin gceantar seo. Tá caighdeán maireachtála an-íseal ag a lán dena daoine ann. Teastaíonn uatha níos mó airgid a thuilleamh as gliomadóir eacht ach tá an cladach an-gharbh agus an-chruaidh agus tá géar-ghá le fánán nó caladh beag chun cuidiú le hiascairí an cheantair sin. An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte rud a dhéanamh doibh?
Mar eolas don Teachta, deineadh scrúdú sa cheantar seo tamall ó shin agus, de réir na tuairisce, do bhéadh costas mór ag gabháil leis an obair, agus is beag úsáid a bhainfí as na muiroibreacha.