Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Jul 1969

Vol. 241 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Rogha Sleachta Liteartha.

99. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cad iad na prionsabail a rialaíonn rogha na sleachta liteartha, véarsaí nó prós, i gcóir chúrsaí scrúdaithe an Stáit.

Ní bhíonn ach prionsabal amháin i gceist nuair a bhítear ag roghnú sleachta liteartha le haghaidh chúrsaí scrúdaithe an Stáit, is é sin go mbeidis oiriúnach, ó thaobh ábhair, stíle agus friotail, don aoisghrúpa daltaí a bhfuil an cúrsa á cheapadh dóibh.

An léir don Aire go bhfuil cinnsireacht pholaitíochta ar bun sa Roinn Oideachais?

Níl agus ní léir domhsa go bhfuil.

Nach n-aontódh an tAire liom gurab é an prionsabal is tábhachtaí i leith roghnú sleachta liteartha ná go mbeadh siad oiriúnach chun aigne na ndaltaí a oscailt, samhlachas a fhorbairt iontu agus pearsantacht iomlán a mhúnlú? Os rud é gurab iad na hollúin agus na múinteoirí atá ag feidhmiú ar choistí siollabais na Gaeilge a chuir na sleachtaí seo ar fáil, is léir go raibh siad san sásta go raibh siad oiriúnach dona cuspóirí a lugigh mé cheana agus gur dócha go bhfuil tionchar polaiticiúil de shaghas éigin taobh thiar de na hathraithe a luaigh an Teachta Cruise-O'Brien.

Ní aontaím leis an rud deireanach atá ráite ag an dTeachta.

Top
Share