Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 30 Oct 1969

Vol. 241 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann Donegal Employment.

82.

asked the Minister for the Gaeltacht if any of the employees at the Gaeltarra Éireann factory at Kilcar, County Donegal, have been summarily dismissed or served with notice of impending dismissal; and, if so, the reason for this action.

Is amhlaidh a fostaíodh daoine breise sa mhonarcha sin anuraidh agus beifear ag scaoileadh go sealadach le cuid acu go dtí go bhfeabhsóidh an glaoch ar na hearraí arís.

An bhfuil an tAire sásta 26 oibrithe a bheith díomhaoin sa bhFíor-Ghaeltacht seo faoi láthair agus gan ach 4 lá oibre sa tseachtain le fáil ag an gcuid eile acu? Ar an dtaobh eile den scéal tá níos mó ná 5 nó 7 ag obtair 6 lá sa tseachtain sa mhonarcha. An bhfuil an tAire sásta leis sin fosta?

Tá a fhíos ag an Teachta nach bhfuil mé sásta ar chor ar bith oibrí ar bith a bheith díomhaoin ach is dócha go dtuigeann an Teachta an chúis atá leis. Fé mar a dúirt mé fostaíodh na daoine seo anuraidh. De bhrí go raibh glaoch an-mhór ag an am sin ar an sníomhachán bhí ar an monarcha trí trátha oibre a chur ar siúl. Ach de dheascaibh athrú sa bhfaisean níl an glaoch céanna i láthair na h-uaire ar an tionscal cniotála agus dá bhrí sin b'éigin dul thar n-ais go dtí dhá thráth oibre agus ní raibh obair ann do na daoine seo. Is iad na daoine is déanaí a tugadh obair dóibh a dí-fhostaíodh an uair seo agus tá súil againn go mbeimid i ndán feabhas a chur ar an scéal chomh luath agus is féidir.

Cad a chiallaíonn "chomh luath"?

Chomh luath agus is féidir.

Top
Share