Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Nov 1969

Vol. 242 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Kerry Gaeltacht Industry.

89.

asked the Minister for the Gaeltacht why an industry has not been established in the West Kerry Gaeltacht.

Ní beag an chabhair atá tugtha don cheantar sin le cúpla bliain anuas: tá mo Roinnse tar éis deontais a cheadú do chomharchumann agus d'óstáin, tá Bord Fáilte Éireann tar éis deontais a cheadú d'óstáin agus tá Gaeltarra Éireann tar éis páirt a ghlacadh in óstáin agus deontais a cheadú do mhiontionscadail shomhaoineacha. Tá Gaeltarra ag leanúint d'fhorbairt na tionsclaíochta sa cheantar.

Top
Share