Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 22 Jul 1970

Vol. 248 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Labhairt na Gaeilge.

26. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le labhairt na Gaeilge sna scoileanna.

Tá mé sásta go bhfuil an dul chun cinn déanta ó tosaíodh, le bunú an Stáit, ar an pholasaí i leith na Gaeilge do chur i bhfeidhm. Is baol liom, ámh, go raibh go dtí roint bhlianta ó shoin teagasc na Gaeilge claonta barraíocht i dtreo cumas agus cruinneas scríofa a fhorbairt. Tá athrú sa scéal san ó foilsíodh an leabhrán taighde darbh teideal Buntús Gaeilge. Tá gléas iomlán teagaisc ar fáil anois atá bunaithe ar an dtaighde san agus a chlúdaíonn gach aon rang ins na scoileanna náisiúnta agus na bunranganna ins na scoileanna iarbhunoideachais. Leis na cúrsaí atá ceapaithe dá réir agus na fearais agus na háiseanna clos-amhairc atá ag gabháil leo tá mé cinnte go bhfuil deis againn nach raibh againn cheana chun feabhas an-mhór a chur ar chumas labhartha na teangan i measc na ndaltaí. Do réir gach tuairisce atá faighte againn tá feabhas an-mhór le braith cheana féin ar chumas cainte na ndaltaí. Leis na modhanna nua so agus leis an ndea-thoil atá á cruthú i measc tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí tá gach cúis againn le bheith múiníneach as na hiarrachtaí atá á ndéanamh le fonn agus le pléisiúr ag na múinteoirí agus ag na daltaí féin.

An féidir leis an Aire a rá linn an maitheas atá sna modhanna seo i gcomparáid le módhanna atá ar fáil i dtíortha eile?

Tá siad ar na modhanna is fearr sa domhan faoi láthair. Baineadh úsáid as an gcóras atá i bhfeidhm sa bhFrainc agus as an gcóras i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe agus deineadh forbairt orthu sa chóras seo againne. Tá daoine i dtíortha eile ar lorg eolais faoi na modhanna atá againn.

An féidir leis an Aire a dheimhniú dúinn nach bhfillimid ar an mbéim uafásach agus amaideach a bhí ann maidir le gramadach agus scríbhneoireacht agus go mbeidh an bhéim feasta ar labhairt na teanga?

Tá an bhéim ar labhairt na Gaeilge. Sé mo bharúil go raibh an bhéim ró-láidir ar scríobhadh na Gaeilge. Tá sé mar aidhm againn an Ghaeilge a chur á labhairt ar fud na tíre. Faoin gcóras nua, tá an bhéim ar labhairt na teangan.

Top
Share