d'Aire na Gaeltachta an bhféachfaidh sé chuige nach dtógfar óstlann ar bith ar aon cheann d'Oileáin Árann gan comhairle a ghlacadh roimh ré le Cumann Forbartha Oileán Árann agus le muintir na n-oileán sin i gcoitinne.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Óstlanna ar Oileán Árann.
120. D'fhiafraí
Ní léir dom conas a d'fhéadfainnse féachaint chuige sin ach, ós rud é go mbeadh cead pleanála ag teastáil chun óstlann a thógáil, bheadh deis ag na daoine atá i gceist a fhios a bheith acu roimh ré go raibh a leithéid á lorg. Ar ndóigh, dá mba mhaith leis na daoine sin tuairimí a chur chugam uair ar bith bheadh fáilte rompu.