Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Oct 1970

Vol. 249 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Dúnadh Scoil 'sa bhfíor-Ghaeltacht.

122. D'fhiafraí

d'Aire na Gaeltachta i gcás ina bhfuil scoil sa bhfíor-Ghaeltacht á dúnadh ag an Roinn Oideachais agus inarb é mian tuismitheoirí na dúiche go gcoimeádfaí ar oscailt í, an mbeidh sé sásta sin a dhéanamh ar chostas Roinn na Gaeltachta.

Ní bheidh; ní hé an costas ach leas oideachais na ndaltaí is mó a bhíonn i gceist nuair a bhíonn scoil á dúnadh.

Top
Share