d'Aire na Gaeltachta an méid airgid atá caite ag an Roinn (1) ar an estát tionscail i nDoirí Beaga, (2) ar an mhonarcha i gCroithlí, agus (3) ar an mhonarcha in Anagaire, Contae Dún na nGall, le cúig bliana anuas.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Tionscail.
31. D'fhiafraig
Tuigim gur mar seo a leanas a bhí caiteachas caipitil Ghaeltarra Éireann ar na hoibreacha sin sa tréimhse:—
(1) an t-eastát tionscail i nDoirí Beaga—£610,150;
(2) an mhonarcha i gCroithlí— £1,100; agus
(3) an mhonarcha in Anagaire— £33,145.
An bhféadfadh an Rúnaí Parlaiminte a rá cén fá nach bhfuil airgead le fáil i gcóir na háite sin i mbliana agus cén fá go bhfuil na monarchain á ndúnadh?
Sin ceist eile.
Ní h-ea. Níl an freagra ag an Rúraí Parlaiminte.
An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte freagra a thúirt air seo: cén fá go raibh daoine ag máirseáil le déanaí san áit chéanna?
Sin ceist eile freisin.