Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Jan 1972

Vol. 258 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Meath Gaeltacht Grants.

74.

asked the Minister for the Gaeltacht if, since his reply of 29th July, 1971, he has taken steps to raise the overall level of grants and incentives available from all State sources to industries established in the County Meath Gaeltacht to that available in Gaeltachtaí on the western seaboard and elsewhere, which are in counties designated to receive the maximum level of normal grants and incentives for industry.

Faoi mar a mhínigh mé i bhfreagra an 29 Iúil, is fearr na deontais tionscail atá ar fáil ó Ghaeltarra Éireann i ngach uile cheantar Gaeltachta ná mar atá ar fáil ón Údarás Forbartha Tionscail i limistéir ainmnithe agus is mar an gcéanna an faoiseamh ó cháin atá i bhfeidhm sna limistéir sin agus sa Ghaeltacht i ndáil le brabúis ó earraí áirithe a onnmhairiú. Ba mhaith liom dá léireodh an Teachta céard díreach atá i gceist aige anois.

Is the Parliamentary Secretary aware that a Gaeltacht which is in a designated area can get, taking all the grants together including the normal industrial grants and normal tax concessions for industry, a higher level of grant than a Gaeltacht in a non-designated area and that as regards attracting industries to Gaeltacht areas the Meath Gaeltacht is, therefore, at a disadvantage and would he consider alleviating this disadvantage in some way?

Ní aontaím leis sin. Mar a mhínigh mé, tá na deontaisí ó Ghaeltarra níos airde ná mar atá siad ón UFT. Más mian leis an Teachta chuid de Chontae na Mí atá in a Dháil cheantar féin a chur san "designated area" ba cheart dó an cheist sin a chur ar an Aire Tionscail agus Tráchtála. Níl aon bhaint ag Roinn na Gaeltachta leis. Tá na deontaisí níos airde againne i ngach Gaeltacht—i gConamara, i nDún na nGall, i gContae Mhuigheo, i gContae Chiarraí agus i Ráth Cairn i gContae na Mí. Ach sílim go bhfuil an Teachta ag caint faoi chuid de Chontae na Mí nach bhfuil sa Ghaeltacht.

Is it not the case that the grants given by Gaeltarra Éireann are given in addition to the normal grants given by the IDA and are supplementary to them? Is it not the case, therefore, that the total of grants, taking Gaeltarra Éireann grants in addition to IDA grants, is lower in the Meath Gaeltacht than in the Galway Gaeltacht because the Galway Gaeltacht gets especially high grants from the IDA and the Meath Gaeltacht does not? The Meath Gaeltacht does not get any grants. Has the Parliamentary Secretary not the power to redress this imbalance by giving an especially high grant to the Meath Gaeltacht so that it will not be at a disadvantage relative to the Gaeltachtaí in the West of Ireland, which are designated areas?

Ba mhaith liom é sin a dhéanamh dá mbeadh an chumhacht agam ach tá an chumhacht ag an Aire Tionscal agus Tráchtála.

Tá an chumhacht agat féin.

Níl.

(Cur isteach)

Tá Gaeltachtaí ann atá cothrom le chéile ach tá Gaeltachtaí eile ann——

Tá gach Gaeltacht cothrom le chéile.

Gach Gaeltacht?

Cothrom le chéile ach tá áiteacha sa tír agus is "designated areas" iad faoin UFT, agus níl Contae na Mí sna limistéir áirithe sin.

Nach féidir leis an Rúnaí Parliaminte dul chun cainte leis an Aire Tionscal agus Tráchtála?

Top
Share