Tuairiscionn an Coiste Roghnóireachta go bhfuil sé tar éis an Teachta Deasún Mac Goibheannaigh a ainmniú chun fónamh ar an gCoiste um Chuntais Poiblí ar na Cuntais Leithreasa don bhliain dar chríoch an 31 Márta, 1970 chun an folúntas a líonadh a tharla de dheasca an Teachta Pádraig Ó hÓgáin d'fháil bháis.
Tairgim:
Go leagfar an Tuarascáil faoi bhráid na Dála.
Cuireadh agus aontaíodh an cheist.