Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 10 May 1973

Vol. 265 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ospidéal Chaisleán an Bharraigh.

65. D'fhiafraigh

den Aire Sláinte cén uair atá sé ar intinn ag a Roinn (a) cur le hOspidéal an Chontae i gCaisleán an Bharraigh agus (b) réiteach a dhéanamh le tús a chur le scoil bhanaltrachta i gCaisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo.

(a) Tá á scrudú im Roinn faoi láthair plean uile-ghabhálach forbartha cúig mblian d'Oispidéal an Chontae i gCaisleán an Bharraigh, a chuir Bord Sláinte an Iarthair chugam le déanaí; tá i gceist sa phlean an fhorbairt a dhéanamh i ndhá chéim, an chéad chéim le críochnú faoi 31 Márta, 1976, agus an dara céim faoi 31 Márta, 1978. Tá glactha i bprionsabal ag mo Roinn le roinnt de na tograí sin.

(b) Tá an Bord Altranais agus mo Roinn tar éis bunú Scoil Oiliúna Banaltran i gCaisleán an Bharraigh a údarú i bprionsabal. Tá soláthar don chóiríocht riachtanach déanta sa dara céim de phlean forbartha cúig mblian an Bhoird.

Tá an scrúdú ar shonraí an phlean cúig mblian ag dul ar aghaidh agus tógfaidh sé tamall sar a bheifear in ann cinneadh a dhéanamh faoi na tograí.

Top
Share