Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jul 1973

Vol. 267 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Polasaí don Ghaeltacht.

38. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon pholasaí faoi leith leagtha síos ag an Rialtas maidir leis an nGaeltacht.

39. D'fhiafraigh

Mr. Kitt

d'Aire na Gaeltachta céard iad na beartais atá ag an Rialtas chun an Ghaeltacht a chaomhnú agus a neartú chun go bhféadfar an Ghaeilge a shlánú agus a chur chun cinn; agus an dtabharfaidh sé ráiteas ar an gceist.

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfaidh me Ceisteanna Uimhreacha a 38 agus a 39 le cheile.

Is é beartas an Rialtais leas eacnamaíoch, sóisialach agus cultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn ar gach uile bhealach éifeachtach.

Chun leas na Gaeltachta a chur chun cinn táim ag iarraidh teacht ar na bealaí is éifeachtaí. Chuige sin tá staidéar á dhéanamh agam ar thuarascálacha éagsúla agus glacaim le gach deis chun cúrsaí a phlé le muintir na Gaeltachta féin. De réir mar a mheasfaidh mé gur cóir athruithe a dhéanamh cuirfidh mé moltaí faoi bhráid an Rialtais.

Aithním an Ghaeltacht mar bhunfhoinse agus beo-thaisce na Gaeilge agus is é mo thuairim gur i dteannta a chéile is fearr a chuirfear leas na Gaeltachta agus leas na Gaeilge chun cinn. Is ar an spreagadh agus ar an ngríosadh —in ionad an éigeantais—atá beartas an Rialtais don Ghaeilge bunaithe.

Mr. Kitt

Nuair a foilsíodh an Páipéar Bán ar athbheochan na Gaeilge roint blianta ó shin agus nuair a deineadh staidéar air chuir an Taoiseach a bhí ann ag an am sin, an Teachta J. Lynch, litir chuig gach Aire Stáit ag iarraidh orthu tús aite a thúirt d'fhorbairt na Gaeltachta agus athbheochan na teanga agus anois mar gheall ar an bpolsaí, go mór mhór polasaí an Aire Chosanta—níl an Ghaeilge riachtanach anois chun dul isteach san Arm—agus polasaí an Aire Oideachais, níl an Ghaeilge riachtanach chun pas a fháil san ard-theistiméireacht an bhfuil an Rialtas seo ag dul siar in áit dul ar aghaidh maidir le ceist seo na Gaeilge agus forbairt na Gaeltachta?

(Cur isteach.)

Mr. Kitt

Bhuel, chuir mise 16 ceisteanna chuig an Taoiseach agus chuig gach Aire Stáit i dtaobh na ceiste seo agus níl an freagra le fáil agam fós. Ba mhaith liom teacht ar pholasaí an Rialtais. An ag dul siar nó ar aghaidh atáimid?

Tá Tráth na gCeist thart anois.

Mr. Kitt

Mar gheall ar an bhfreagra mí-shasúil a fuair mé, ba mhaith liom an cheist seo a árdú ar Athló na Dála.

Raghaidh an Ceann Comhairle i gcomhairle leis an Teachta.

The remaining questions will appear on tomorrow's Order Paper.

Top
Share