Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Nov 1973

Vol. 268 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas Páirce Peile.

155. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige deontas a chur ar fáil do fho-Chumann Peile Bheannchor Iorrais i gcóir na páirce peile atá curtha ar fáil do pharóiste Bheannchor Iorrais i gContae Mhaigh Eo.

Is ar mhaithe le cainteoirí Gaeilge a thugann mo Roinnse deontais mar sin agus táim ag feitheamh le tuilleadh eolais ón gCumann faoina bhfuil bheartaithe acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar.

Top
Share