Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 13 Dec 1973

Vol. 269 No. 12

Ceisteanna—Questions. - Riar Tráchta i bPáirc an Fhionnuisce.

33. D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais an bhfuil aon dul chun cinn déanta aige maidir le riar cheart a chur ar chúrsaí tráchta i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath.

Mr. Kenny

Chuaigh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla maidir le trácht agus fadhbanna éagsúla i bPáirc an Fhionnuisce. Tá tuairimí na n-údarás sin á scrúdú ag na Coimisinéirí faoi láthair.

Go h-iondual nuair a bhíonns daoine ag scrúdú tuarascála ní bhíonn ann ach nach bhfuil siad sásta an obair a dhéanamh.

Mr. Kenny

Ní "device" é seo ar chor ar bith. Táimid á scrúdú agus déanfaimid ár ndícheall na contúirtí atá in aigne an Teachta a scrúdú agus a réiteach.

Tá a fhios agam go dtuigeann an Rúnaí Parlaiminte an cheist mar feicim go minic sa pháirc an-chuid gluaisteán ar an phríomhbhóthar ansin agus chuile lá tarlaíonn tubaist de chineál éigin. Tá dualgas ar Oifig na nOibreacha Poiblí riar éigin a chur ar chúrsaí tráchta ansin.

Mr. Kenny

Má tá aon ait chontúirteach ag cros-bhóthar nó ag casadh nó áit ar bith den tsaghas sin inseoidh mé don Aire é.

Cros-bhóthar Mountjoy—sin áit chontúirteach.

Mr. Kenny

Tá go maith.

Top
Share