Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 13 Dec 1973

Vol. 269 No. 12

Ceisteanna—Questions. - Coilíneachtaí Gaeilge.

49. D'fhiarfraigh

d'Aire na Gaeltachtat an bhfuil aon ghníomh á dhéanamh aige maidir le coilíneachtaí taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ní go maith a thuigim an cheist. Má léiríonn an Teachta céard tá ar intinn aige tig liom an scéal a bhreithniú.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil daoine i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i mBéal Feirste atá ag iarraidh a gcuid oibre a dhéanamh as Gaeilge, agus an nglacfadh sé go bhfuil dualgas air féin agus ar an Roinn suim faoi leith a chur sna daoine seo?

Admhaím go bhfuil daoine mar sin i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh ach ní bhfuair mé aon mholtaí ina dtaobh go dtí seo. Más maith leis an Teachta, beidh mé sásta suim a chur in aon mholadh atá aige ina dtaobh.

Tá áthas orm go bhfuil an tAire sásta rud éigin a dhéanamh do na daoine seo. Ag an Oireachtas i mbliana bhí daoine mar sin agus níor chuir éinne suim iontu. Curirfidh méscéal chuige faoin cheist sin ar fad.

Top
Share