Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Mar 1974

Vol. 271 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cláir Ghaeilge RTE.

30. D'fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa an bhfuil ar intinn aige aon treoir faoi leith a thabhairt do Údarás RTE maidir le cláir i nGaeilge; agus, má tá, ar mhiste leis a rá cén fáth.

An n-admhódh an tAire gur thug sé le tuiscint ina óráid i bPortláirge go mb'fhéidir go ndéanfadh sé seo?

Níor thug mé a leithéid sin le tuiscint in aon chor.

An n-aontódh sé go ndúirt sé go raibh an iomad béime ar chláir i nGaeilge ar thelefís.

An n-aontódh sé mar sin go raibh dul amú ar an tuairisceoir a bhí ag an gcruinniú?

Tá dul amú ar an Teachta agus ní ar an dtuairisceoir.

An bhfuil sé fíor gur thug an tAire agallamh do nuachtóir i ndiaidh an óráid a thug sé i bPortláirge inar dúirt sé go raibh polasaí RTE i leith na Gaeilge "domineering" agus "overbearing"? Má dúirt sé a leithéid, cén fáth nach bhfuil sé chun an polasaí sin a athrú?

Ní dúirt mé a leithéid. Bhí earráid ag tuairisceoir amháin san Irish Independent agus chuir mé correction amach mar gheall air agus is féidir leis na Teachtaí——

Question No. 31.

An bhfuil sé fíor gur chuir an tAire litir chuig an páipéar an lá dár gcion, mar adúirt sé, ach nár dhúirt sé sa litir sin nár shéan sé gur úsáid sé na focail sin? Ní shin a bhí in a litir. An bhfuil sé ag rá anois nár dhúirt sé sin agus go raibh dul amú ar an tuairisceoir a bhí ciontach?

Is fíor gur úsáid mé na focail "domineering" agus "overbearing" ach ní mar gheall ar fhoireann RTE ach mur mar gheall ar pholasaí Fhianna Fáil.

(Interruptions.)

Caithfimíd dul ar aghaidh.

An bhfuil an tAire á rá anois gurb iad na focail adúirt sé san agallamh sin ná go raibh polasaí Fhianna Fáil i dtaobh na Gaeilge "domineering and overbearing"?

Tuigeann an Teachta an scéal go maith.

An bhfuil an tAire ag rá go raibh na tuairisceoirí agus na nuachtáin——

Caithfimíd dul ar aghaidh.

Siad Fianna Fáil a scríobh an teachtaireacht do RTE.

Éirigh as.

Éireoidh mé as nuair atá mé críochnaithe.

An bhfuil an tAire ag rá anois——

Question No. 31.

Top
Share