Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Mar 1974

Vol. 271 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhfhreagras i mBéarla.

76. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhféachfaidh sé chuige nach gcuirfear feasta aon comhfhreagras i mBéarla chuig múinteoirí atá fostaithe i scoileanna lán-Ghaelacha.

Mr. R. Burke

Isé gnáth-chleachtadh na Roinne comhfhreagras a chur i nGaeilge chuig gach múinteoir bunscoile. Má cuireadh comhfhreagras i mBéarla chuig múinteoir atá fostaithe i scoil lán-Gaelach is trí dhearmad a rinneadh é.

An féidir linn a bheith cinnte go mbéifear níos cúramaí as seo amach?

Mr. R. Burke

Tá súil agam go mbéifear níos cúramaí as seo amach ach ní féidir liom aon dheimhniú a thabhairt.

Top
Share