Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 Dec 1974

Vol. 276 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Irish Language Policy.

61.

asked the Minister for the Public Service the Government's policy concerning the Irish language; and if he will make a statement outlining it and cite sources in which it can be studied.

Sé polasaí an Rialtais meas ar an nGaeilge a chothú agus an teanga féin a chur chun cinn.

Léiríodh polasaí an Rialtais i ráiteas faoina gcuspóirí a d'eisigh páirtithe an Chomhrialtais roimh an Olltoghchán anuraidh. I ráitis éagsúla ó bhaill den Rialtas ó shin i leith, dearbhaíodh agus míníodh an polasaí sin. Nuair a bhí Meastachán a Roinne féin á chur ós comhair an Tí seo ag Aire na Gaeltachta ar an 31 ú Deireadh Fómhair, 1974, thug an tAire ráiteas iomlán uaidh inar leagadh amach polásaí an Rialtais ar an nGaeilge, agus inar luadh bearta dearfacha an Rialtais chun an polasaí sin a chur i bhfeidhm. Luadh go háirithe cinneadh an Rialtais maidir le bunú Údarás na Gaeltachta agus Bord na Gaeilge, maraon leis an gcinneadh faoinar dáileadh ar Roinn na Gaeltachta freagracht i leathnú na Gaeilge ar fud na tíre.

Mar Aire na Seirbhíse Poiblí, sé atá mar phríomh-chúram agamsa ná na rialacháin i leith na Gaeilge sa státseirbhís. Ar an 7ú Samhain, 1974, d'fhógair mé cinneadh an Rialtais maidir le hathruithe sna rialacháin sin. Siad na príomh-athruithe ná go mbeidh an Ghaeilge agus an Béarla ar chomh chéim feasta i gcomórtais iontrála na státseirbhíse, go mbeidh ar chumas iarrthoirí an Ghaeilge, nó an Béarla, nó an dá theanga sin a thairiscint i gcomórthais, agus go dtabharfar creidiúint d'iarrthóirí a bheidh oilte sa dá theanga.

Tá an Rialtas lán-mhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, deamhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasfear níos fabhraí a chothú dí.

Cén cheist atá á freagairt ag an Aire?

Ceist a 61.

Ag éirí as an bhfreagra a chualamar ón Aire, an bhféadfadh sé a rá liom an í an bhrí atá le baint as ná go mbeadh sé féin agus Coimisiún na Státsheirbhíse sásta glacadh le hiarrthóirí do phostanna sa Státsheirbhís nach raibh ag déanamh scrúdú i mBéarla? An é sin atá i gceist aige?

Sea. Is é sin atá i gceist againn.

Agus is dócha go n-aontódh an tAire gur beag iarrthóir dá leithéid a bheadh ann ach ag glacadh leis go raibh a leithéid ann, cá háit sa Státseirbhís a mbeadh sé i gceist ag an Aire na daoine sin a fhostú?

Aon Roinn.

Mar shampla, san Roinn Airgeadais, Sráid Mhuirfean?

An Roinn Airgeadais, an Roinn Cosanta.

Daoine gan Béarla?

Daoine gan Béarla, sea.

An bhfuil an tAire i ndáiríre?

An n-deireann an Teachta nach ceart sin? An n-deireann sé gur cóir dúinn an Béarla a bheith éigeantach nuair nach mbíonn an Ghaeilge éigeantach?

An dtuigeann an tAire cad tá á rá aige? Nach nglacann sé leis gurab é an príomh-dhualgas atá air a chinntiú go mbeidh na daoine a earcaítear don Státseirbhís ábalta a gcuid oibre a dhéanamh go proifisiúnta agus an bhfuil sé á rá linn i ndáiríre go mbeidh duine a bheidh ag obair sa Roinn Airgeadais, ina oifig féin, in ann a chiud oibre a dhéanamh muna mbeidh Béarla aige?

Is féidir sin.

An bhfuil an tAire á rá freisin go bhféadfadh státseirbhíseach a bheith ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha gan Béarla a bheith aige?

Is féidir sin.

(Cur isteach.)

An mbeadh sé féin agus Coimisiún na Státseirbhíse sásta glacadh le hiarrthóirí do phostanna sa státseirbhís nach ag déanamh scrúdú i mBéarla?

An é sin atá i gceist ag an Aire?

Sea. Is é sin atá i gceist againn. What many people are not yet aware of is that when Deputy Colley was talking in Irish on the programme on television he said they would reverse our decision.

Top
Share