Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Jan 1975

Vol. 277 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeilge sa Státseirbhís.

26. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí an dtabharfaidh sé míniú níos soiléire ar an modh marcála nua faoina dtabharfar marcanna breise toisc Gaeilge agus Béarla a bheith ag iarrthóirí ar phoist sa Státseirbhís.

Is mar seo a leanas a bheidh an scéal sna gnáth-chomórtais scríofa agus agallaimh as seo amach.

Comórtas Scríofa: Féadfaidh iarrthóir dul faoi thriail i nGaeilge nó i mBéarla nó i nGaeilge agus i mBéarla araon. Má bhaineann sé cáilíocht amach i nGaeilge agus i mBéarla araon, cuirfear marcanna an dá ábhar san áireamh le haghaidh ord fiúntais an chomórtais. Má bhaineann sé cáilíocht amach in ábhar amháin, Gaeilge nó Béarla, cuirfear marcanna an ábhair sin san áireamh agus ceapfar an t-iarrthóir má fhaigheann sé áit sách ard san ord fiúntais.

Comórtas agallaimh: I dteannta leis an agallamh, beidh triail roghnach teanga. Má ghlactar leis de thoradh an agallaimh agus na trialach go bhfuil iarrthóir inniúil ar an nGaeilge agus ar an mBéarla araon, tabharfar marcanna dó as ucht na hinniúlachta sin agus cuirfear na marcanna sin san áireamh le haghaidh ord fiúntais an chomórtais.

Tá sé deacair a rá go bhfuil an miniú sin soiléir?

Creidim go bhfuil sé soiléir.

Má tá sé chom soiléir sin an bhfeadfadh an tAire a rá in abairt amháin cén marcanna breise a gheobhadh duine le Gaeilge?

Is féidir liom sampla a thabhairt don Teachta. Cuir i gcás gurb iad seo ábhair an chomortais: Gaeilge 300; Béarla 300; Matamaitic 300. Má fhaigheann iarrthóir, cuir i gcás, 80 faoin gcéad sna hábhair, seo leanas iomlán a mharcanna. Má bhíonn sé sasúil (i) i Matamaitic agus i nGaeilge, 480; (ii) i Matamaitic agus i mBéarla, 480; agus (iii) i Matamaitic, i nGaeilge agus i mBéarla 720. Tá (iii) 50 faoin gcéad níos aoirde ná (i) nó (ii). D'fhéadfadh an chreidiúint a bheith níos ísle nó níos aoirde ná 50 faoin gcéad i gcásanna áirithe.

An bhfuil an tAire sásta go gceapfadh iarrthóir ar bith go mba fiú dó staidéar faoi leith a dhéanamh ar an nGaeilge chun an brabach atá ráite ag an Aire a fháil?

Cinnte.

27. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí cén socrú atá déanta ag Gaeleagras na Státseirbhíse chun cabhrú le státseirbhísigh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Tá cúrsaí Gaeilge speisialta ar gach leibhéal á múineadh do státseirbhísigh i nGaeleagras i rith an lae agus sa tráthnóna. Tá foireann múinteoirí fostaithe agus áiseanna teagaisc nua-aimsire curtha ar fáil ann. Cuirtear imeachtaí sóisialta ar siúl chomh maith chun deis a thabhairt do státseirbhísigh a gcuid Gaeilge a chleachtadh. Tá brainse de Ghaeleagras bunaithe i gCorcaigh chun freastal ar státseirbhísigh atá ag obair ansin agus tá socruithe déanta chun cuidiú le státseirbhísigh i gceantair eile. Beidh cúig céad státseirbhíseach ag freastal ar chúrsaí sna Gaeltachtaí éagsúla i rith an tSamhraidh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

An raibh Gaeleagras gníomhach sar a rinneadh an t-athrú seo?

An bhféadfadh an tAire a rá go bhfuil siad níos gnóthaí anois ná mar a bhíodar?

Tá siad.

28. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí conas a chuirfear eolas ar Ghaeilge san áireamh nuair a bheidh státseirbhísigh á meas le haghaidh ardú céime feasta.

I gcásanna áirithe roghnaítear oifigigh i gcóir ardú céime trí chomórtais teoranta scríofa. Chuir mé i n-iúl cheana féin, mar fhreagra ar cheist 26 conas a reachtáilfear comórtais scríofa as seo amach.

I gcásanna eile, déantar oifigigh a roghnú trí chomórtais teoranta agallaimh nó trí socruithe Roinne. Sna cásanna sin glacfar leis go bhfuil oifigeach inniúil ar an nGaeilge má éiríonn leis i scrúdú ardú céime Choimisinéirí na Státseirbhíse nó má bhíonn teastas oiriúnach aige ó Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí. Má bhíonn sé inniúil ar an nGaeilge agus má mheastar de thoradh an chórais roghnaithe go bhfuil sé oilte sa Bhéarla freisin, tabharfar creidiúint dó dá réir.

Dúirt an tAire anseo ar an 5ú Nollaig go gcuirfear eolas ar an nGaeilge san áireamh agus duine ag dul os comhair na hagallamha. An bhféadfadh sé a rá liom go beacht, abair dá mbeadh mise ag dul os comhair bhoird ceapacháin mar Junior Ex., cén creidiúint speisialta a bheadh le fáil agam agus eolas agam ar an nGaeilge?

An chreidiúint atá le fáil ag éinne oilte i nGaeilge nó i mBéarla nó sa dá ábhar.

Cén chreidiúint speisialta a gheobhadh mé?

Tá an Ghaeilge agatsa agus muna bhfuil Gaeilge ag duine eile tabharfar an chreidiúint duitse.

An bhfaighidh mise níos mó an duine sin?

An mbeadh státseirbhíseach in ann ardú posta a fháil feasta muna bhfuil Gaeilge aige?

Ní bheidh seans mór aige.

B'fhéidir go mbeadh státseirbhíseach ann gan Gaeilge agus go mbeadh sé in ann ardú céime a fháil. B'fhéidir go mbeadh státseirbhísigh ar fad ann amach anseo agus gan focal Gaeilge ag éinne acu.

Níl seans ar bith.

Cén fá? Tá sé ar intinn agat iad a cheapadh gan Gaeilge as seo amach.

Beidh creidiúint níos mó ag dul do dhaoine agus an Ghaeilge acu.

Ní bheidh an Ghaeilge riachtanach agus beidh státseirbhíseach in ann ardú céime d'fháil agus gan focal Gaeilge aige.

Caithfimid dul ar aghaidh.

29. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí cén taighde a rinneadh maidir leis na folúntais a d'fhéadfadh a bheith sa Státseirbhís do dhaoine gan Bhéarla; agus cathain, is cosúil, a dhéanfar ceapacháin mar sin.

Eagraíocht mhór í an Státseirbhís agus ba cheart go mbeadh áit ann agus iad ag teacht isteach do dhaoine le Gaeilge amháin, nó le Béarla amháin nó le Gaeilge agus Béarla araon. Tairgeofar gnáthphostanna na Státseirbhíse ar an mbunús a rinne mé tagairt dó i mo fhreagra ar Cheist 26. Ceapfar iarrthóirí de réir an ord fiúntais, is cuma cén teanga a chuirtear san áireamh—Gaeilge nó Béarla nó Gaeilge agus Béarla araon. Ní dhéanfar socrú ar leith chun daoine gan Bhéarla, nó gan Ghaeilge, a earcú.

Tá sé sin ceart go leor dá mbeadh an dá theanga ar aon chéim, ach dúirt an tAire annseo, agus é ag iarraidh cás a dhéanamh dó féin, go bhféadfadh duine sa tír seo post a fháil sa Státseirbhís gan Béarla aige. Cén taighde a deineadh faoi sin agus cén chineál státseirbhíseach atá i gceist aige?

Is féidir le duine dul isteach sa Státseirbhís gan Gaeilge agus is féidir le duine dul isteach gan Béarla, ach beidh seans níos mó ag éinne má bhíonn an dá theanga aige.

Ar mhiste leis an Aire a innsint dom cén obair a bheadh á dhéanamh ag an duine gan Béarla?

Sa Roinn Poist agus Telegrafa, sa Roinn Oideachais, sa Roinn Cosanta, in aon áit sna Gaeltachtaí agus in áiteanna eile chomh maith.

An bhfuil an tAire i ndáiríre nuair a cheapann sé go mbeidh duine fostaithe sa Státseirbhís agus nach mbeidh Béarla ar bith aige?

An féidir leis an Aire a rá nach mbeidh Béarla riachtanach feasta le haghaidh na postanna sa Státseirbhís? An féidir leis an Aire a rá céard iad na postanna atá fógraithe ag Coimisiún na Státseirbhíse nach mbeidh Béarla riachtanach dóibh?

Níl an t-eolas sin agam.

Top
Share