Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 16 Jan 1975

Vol. 277 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre Portaigh.

26. D'fhiafriagh

d'Aire na Gaeltachta an gcuirfidh sé breis airgid ar fáil i gcomhair bóithre portaigh sa bhliain atá romhainn.

Tá súil agam gur ar bhóithre portaigh a chaithfear mórchuid den airgead atá ar fáil do bhóithre Gaeltachta i mbliana.

Ar bhféadfadh an tAire a insint dúinn an bhfuil aon ardú sa Mheastachán do bhóithre portaigh.

Tá eolas breise agam anseo. Don bliain 1975 tá £175,000 do bhóithre i Meastachán mo Roinne. Cuireadh an béim ar bhóithre portaigh i 1974 agus ceadaíodh £30,000 do 28 díobh ar fud na Gaeltachta, ní raibh ach ceithre cinn i gContae Mhuigheó agus caitheadh £20,000 de sin roimh Nollaig. Tabharfar tosaíocht spesíalta i 1975 freisin do bhóithre portaigh go bhfuil tábhacht mór leo do chainteoirí Gaeilge.

Top
Share