Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Jun 1975

Vol. 281 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscail Ghaeltachta.

20. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé beartaithe aige aon mhonarcha nua bhreise a chur ar fáil i nGaeltacht Chonamara sa todhchaí.

Bíonn idirbheartaíocht ar siúl i gcónaí ag Gaeltarra Éireann d'fhonn tionscail bhreise a bhunú agus, aon uaír a bheidh monarcha nua ag teastáil, cuirfear ar fáil í. Tá réamhmhonarchana á dtógáil ar an gCeathrú Rua agus i gCorr na Móna, tá monarcha do thionscal nua á tógáil i Ros an Mhíl, tá foirgnimh eile le tógáil go luath i gCarna agus ar an gCeathrú Rua agus tá monarcha beartaithe do Thír an Fhia.

An féidir leis an Aire a rá an mbeidh mórán fostaíochta ins na monarchana seo a luaigh sé?

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil ach níl aon eolas agamsa ag an bpointe seo ach amháin liosta na monarchana. Má chuireann an Teachta ceist eile síos, freagróidh mé í.

An bhfuil an tAire ag rá mar sin go bhfuil na réamh-mhonarchana tosnaithe faoi láthair nó le tosnú?

Tá réamhmhonarcha á tógáil ar an gCeathrú Rua faoi láthair agus i gCorr na Móna. Chomh maith leis sin, tá monarcha do thionscal nua á tógáil i Ros an Mhíl agus tá foirgnimh eile le tógáil go luath i gCarna agus ar an gCeathrú Rua agus tá tionscail eile beartaithe chomh maith.

Maidir leis na monarchana agus leis na foirgnimh a luaigh an tAire, an féidir leis a rá go bhfuil conradh cinnte déanta le lucht bainistíochta chun na monarchana seo a chur ag obair nó an bhfuil Gaeltarra ag tógáil monarchana gan aon chonradh?

D'fhreagair mé an cheist a bhí thíos.

21. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad daoine a bhí fostaithe sna monarchana éagsúla i nGaeltacht Mhúscraí, Contae Chorcaí ar an 2ú lá de Bhealtaine, 1974 agus ar an 2ú lá de Bhealtaine, 1975.

22. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad daoine a bhí fostaithe i nGaeltachtaí Mhaigh Eo sna monarchana éagsúla ar an 2ú lá de Bhealtaine, 1974, agus ar an 2ú lá de Bhealtaine, 1975.

23. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad daoine a bhí fostaithe i nGaeltacht Chonamara sna monarchana éagsúla ar an 2ú lá de Bhealtaine, 1974 agus ar an 2ú lá de Bhealtaine, 1975.

Le chead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceisteanna 21, 22 agus 23 le chéile.

Glacaim agam gurb iad na tionscail a bhfuil baint ag Gaeltarra Éireann leo atá i gceist—tionscail Ghaeltarra féin, comhthionscail ina bhfuil scaireanna ag Gaeltarra agus miontionscadail a fuair cabhair ó Ghaeltarra. Níl figiúirí fostaíochta ar fáil don 2 Bealtaine: is amhlaidh nach mhailítear na figiúirí sin ach do thús agus lár na bliana féilire. Tá tábla agam a thugann an t-eolas a fuarthas ó Ghaeltarra do lár 1974 agus do thús 1975 agus, le chead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an tábla:—

Contae

Dáta

An líon fostaithe

Lán-aimseartha (a)

Páirt-aimseartha

Maigh Eo

1/7/74

299

329

1/1/75

379

319

Gaillimh

1/1/74

596

32

1/1/75

587

7

Corcaigh

1/7/74

288

22

1/1/75

289

23

(a) Áirítear daoine (i) a bhfuil obair shéasúrach acu in óstáin agus (ii) a bhí ag obair i miontionscadail sular chabhraigh Gaeltarra leo.

An féidir leis an Aire an meamram a chuir Gaeltarra Éireann amach le déanaí, na figiúirí don bhliain 1974, a thabhairt? Tá siad i gcló.

Tá fadhb anseo toisc nach mbeidh na figiúirí don tréimhse seo ar fáil go ceann cúpla seachtain.

24. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad monarchana nua a tógadh i nGaeltacht Chonamara (a) i 1973 (b) i 1974 agus (c) sa chéad ráithe de 1975; agus cén bhliain ar socraíodh na monarchana sin a thógáil.

Is mar seo a leanas a críochnaíodh monarchana nua i nGaeltacht na Gaillimhe:—(a) ceithre cinn i 1973 ar ceadaíodh iad i 1972; (b) cúig cinn i 1974 ar ceadaíodh ceann amháin díobh i 1972, dhá cheann i 1973 agus dhá cheann i 1974; agus (c) níor críochnaíodh aon mhonarcha sa chéad ráithe de 1975 ach bhí dhá cheann á dtógáil ar ceadaíodh ceann amháin díobh i 1972 agus an ceann eile i 1974. Sa tréimhse ón chéad lá d'Aibreán 1973 go dtí seo ceadaíodh deontais do caoga mion-tionscal chomh maith i nGaeltacht na Gaillimhe.

An féidir leis an Aire a insint dhúinn cé mhéad de na monarchana seo atá ar oscailt faoi láthair agus cé mhéad go bhfuil lán-fhostaíocht iontu?

Ceadaíodh iad go léir i 1972——

Go raibh maith agat, a Aire, ar son an eolais sin ach is í in cheist a chuir mé ná cé mhéad de na monarchana seo atá críochnaithe faoi láthair agus a bhfuil lán-fhostaíocht iontu?

Níl an t-eolas sin agam.

Ón dteagmháil atá ag an Aire leis na Gaeltachtaí agus le cúrsaí Gaeltachta, an bhfuil sé ag rá anois nach bhfuil aon eolas aige cé acu tá monarchana a tógadh le dhá bhliain, nó le trí bhliain anuas ag obair nó nach bhfuil? Má tá an t-eolas ag an Aire, ba cheart dó é a thabhairt ag éirí as an bhfo-cheist seo.

Mar adúras, ní raibh an t-eolas sin ag teastáil. Sí an cheist a bhí ann ná cé mhéad monarchana nua a tógadh.

Nach gnáth an t-eolas seo a bheith ag Aire nuair a bhíonn sé ag freagairt ceiste? D'iarrfainn ar an Aire nuair a cuirtear síos ceist arís go mbeadh an t-eolas aige.

Níl an iomad sin monarcha sa Ghaeltacht ar fad agus bíonn an tAire de réir na bpáipéirí, ag bogadaigh thart sa Ghaeltacht——

Ceist ghairid le do thoil.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil monarcha amháin, nó dhá cheann díobh seo nach bhfuil ag obair go fóill agus na cinn atá ag obair? Má tá an t-eolas sin aige is ceart dó an t-eolas sin a thabhairt don Teachta Geoghegan-Quinn. Is bliain na mban í seo agus ba cheart don Aire a bheith——

Gheobhaidh mé an t-eolas sin amach ach is é mo thuairimse nach monarcha atá i gceist ag an Teachta ach tionscalaíocht.

Top
Share