Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Jun 1975

Vol. 281 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Feabhsúcháin Bóithre.

25. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a íocadh amach i ndeontais fheabhsúcháin bóithre i nGaeltacht Chorcaí (a) i 1973 (b) i 1974 agus (c) sa chéad cheathrú de 1975.

Íocadh £3,470 do Ghaeltacht Chorcaí i 1974 agus ní bhfuarthas aon iarratas ón gcomhairle chontae ar íocaíocht i 1973 ná sa chéad ráithe de 1975.

26. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a íocadh amach i ndeontais fheabhsúcháin bóithre i nGaeltacht Chonamara (a) i 1973 (b) i 1974 agus (c) sa chéad cheathrú de 1975.

Is iad na suimeanna a íocadh do Ghaeltacht na Gaillimhe ná £42,290 i 1973 agus £82,580 i 1974. Ní bhfuarthas aon iarratas ón gcomhairle chontae ar íocaíocht sa chéad ráithe de 1975.

27. D'fhiafraigh

agusMr. Gallagher d'Aire na Gaeltachta an bhfuil deontais ar fáil faoi láthair le feabhas a chur ar bhóithre i gceantair Ghaeltachta; agus an bhfuil sé i gceist aige leanúint leis na deontais sin.

Tá deontais mar sin ar fáil agus tá i gceist agam leanúint leo.

Top
Share