Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Jun 1975

Vol. 281 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Téacsleabhair agus Nuachtáin Ghaeilge.

28. D'fhiafraigh

agusMr. Meaney d'Aire na Gaeltachta an eol dó go bhfuil gá mór le (a) leabhair bhunscoile (b) téacsleabhair iar-bhunoideachais agus (c) nuachtáin Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta; agus an bhfuil aon scéim chabhraithe aige ina gcóir sin.

Chun freastal ar lucht léite agus lucht scríofa na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa chuid eile den tír tá cúnamh airgid á thabhairt agam do cheithre cinn d'irisí áitiúla Gaeltachta, don dá nuachtán sheachtainiúla i nGaeilge agus do thréimhseacháin eile.

Ní ormsa atá an phríomhfhreagracht i leabhair ná téacsleabhair scoile don Ghaeltacht ach bím i síorchomhairle leis an Aire Oideachais i dtaobh gach gné den oideachas sa Ghaeltacht.

Ba cheart don Aire dul i gcomhairle lena chomrádaí. An bhfuil a fhios aige nach bhfuil dóthain téacsleabhar i nGaeilge ag muintir na Gaeltachta?

Is é sin ceann de na céad fhadhbanna atá le cur á réiteach agus aontaím gur fadhb anmhór í ach tuigimse—ach níl an t-eolas agamsa anseo—go bhfuil idirbheartaíocht ar siúl faoi láthair chun comhlacht chlódóireachta nua a bhunú i nGaeltacht na Gaillimhe chun téacsleabhair agus nuachtáin Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta a chlóbhualadh.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil gá le téacsleabhair sna bunscoileanna chomh maith leis na h-iar-bhunscoileanna? An bhféadfadh sé a rá cén dul chun cinn atá déanta le cúpla bliain anuas le feabhas a chur ar an scéal sin?

An n-abróidh an tAire an chaint atá ar siúl chun foilsiúcháin a chur ar siúl sa Ghaeltacht? An mbeidh Gaeltarra Éireann istigh air sin? An mbeidh cáirde acu ann? An tionscal príobháideach a bhéas ann ar fad?

Más mian leis an Teachta ceist a chur síos i dtaobh an fhógra sin, cuirfidh mé an t-eolas ar fáil ach chomh fada agus a thuigimse an scéal beidh Gaeltarra Éireann páirteach ann.

Cé hiad na daoine atá i mbun na gcainteanna seo mar gheall ar fhoilsiúcháin a chur ar fáil sa Ghaeltacht?

(Cur Isteach.)

Is ceist thábhachtach í seo. Táimse chun fógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn agam an cheist seo a phlé ar Athló na Dála.

Raghaidh m'oifig i gcomhairle leis an Teachta.

Top
Share