d'Aire na Gaeltachta an bhfuil an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta chun tithe a thógáil do Ghaeltarra Éireann sa Spidéal, Contae na Gaillimhe i mbliana; agus, má tá, an dtabharfaidh sé ráiteas faoi.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tithíocht sa Spidéal.
32. D'fhiafraigh
Tá sé beartaithe go dtógáilfidh an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta tithe sa Spidéal do Ghaeltarra Éireann. Tá dréacht-phlean ullmhaithe ach tuigim go bhfuil deacrachtaí séarachais ann. Tá Gaeltarra Éireann ag iarraidh na deacrachtaí sin a shárú, ach na deacrachtaí sin a bheith sáraithe ullmhóidh an ghníomhaireacht plean críochnaitheach a luaithe is féidir.