Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Jun 1975

Vol. 281 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Príomh-Áras Roinn na Gaeltachta.

33. D'fhiafraigh

agusMr. Molloy d'Aire na Gaeltachta cén réiteach atá déanta aige maidir le bunú phríomh-áras Roinn na Gaeltachta sna Forbacha faoi na cinnteidil seo a leanas: (1) an t-achar talún sa suíomh atá curtha in áirithe agus (2) cead pleanála don fhoirgneamh.

Is ar thalamh de chuid Ghaeltarra Éireann atá beartaithe oifig a thógáil do Roinn na Gaeltachta agus tá Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí i gcomhairle leis an gcomhairle chontae ó thaobh pleanála. Ach cúrsaí pleanála a bheith socraithe, beidh achar cuí ar fáil don oifig.

Nár thug an tAire geallúint go mbeadh an oifig seo oscailte roimhe seo agus an é seo geallúint eile atá briste aige?

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhairle leis an gcomhairle chontae.

Nár dhúirt an tAire go mbeadh Roinn na Gaeltachta lonnaithe sna Forbacha roimhe seo. Ar thug sé an gheallúint sin bliain go leith ó shin?

Tabharfaidh mé an t-eolas breise atá agam don Teachta.

Ar thug an tAire geallúint in óráid a thug sé i nGaillimh níos mó ná bliain ó shin go mbeadh an oifig seo oscailte i mbliana agus má thug an í seo geallúint eile atá briste aige?

(Cur isteach.)

Ní bhfuair mé freagra fós ar an gceist. Ar thug an tAire aon gheallúint go mbeadh an oifig seo oscailte roimhe seo?

Dúras sa bhfreagra go bhfuil sé beartaithe oifig a thógáil do Roinn na Gaeltachta. Tá an scéal faoi lámha ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus tá Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhairle leis an gcomhairle chontae.

Ar thug an tAire geallúint in óráid a thug sé uaidh i nGaillimh in Ostán CIE níos mó ná bliain ó shin go mbeadh an oifig seo oscailte taobh istigh de bhliain? Tá an bhliain sin caite agus níl an oifig ann fós agus níl aon seans go mbeidh aon oifig ann——

(Cur isteach.)

Mr. Collins

Ba cheart don Aire freagra a thabhairt don Teachta.

Níl cead pleanála go fóill faighte ag an Roinn d'áras na Gaeltachta. An bhfuil aon talamh faighte ag an Roinn go fóill agus má tá an talamh ag an Roinn cé mhéad acra atá ins an limistéir talaimh sin? Sin ceist an-shimplí.

Tá sé beartaithe an oiread agus is féidir de Roinn na Gaeltachta a aistriú go Gaillimh agus tá sé ag dul ar aghaidh chomh tapaidh agus is féidir.

Tabhair freagra. Cé mhéad acra?

Caithfimid dul ar aghaidh.

A Cheann Comhairle, nach bhfuil ceart ag Teachta ar bith sa Tigh ceist a chur ar Aire ar bith agus freagra d'fháil? Tá na Teachtaí ag cur ceisteanna ar Aire na Gaeltachta. Níl freagra ar bith ag teacht.

Ní féidir liomsa rud ar bith a dhéanamh mar gheall air sin.

Caithfidh tú seans maith a thabhairt do na Teachtaí freagra d'fháil.

Tá gach seans acu.

Níl. Tá tú ag glaoch na ceiste eile.

Ní ceart é sin.

An bhfuil sé fíor go ndúirt Comhairle Chontae na Gaillimhe leis an Roinn nach bhfuil an suíomh atá agaibh oiriúnach chun an foirgneamh nua seo a thógáil ann, agus nach n-aontaíonn siad go mba chóir foirgneamh den tsaghas seo a thógáil ansan agus go mba chóir don Roinn suíomh nua a fháil ionas go mbeadh tosnú leis an bplean seo?

Tá na pleananna ag dul ar aghaidh chomh tapaidh agus is féidir.

Sin deireadh leis na ceisteanna.

An bhfuil an tAire chun freagra a thabhairt ar cheist shimplí? Ar chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe i n-iúl don Roinn nach bhfuil an suíomh go sásúil chun foirgneamh mar atá beartaithe a thógáil ann?

D'fhreagair mé an cheist.

Cad mar gheall ar an gceist dheireanach? An tAire.

Cad mar gheall ar an gceist seo?

Top
Share