Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Jun 1975

Vol. 281 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Thír Chonaill.

34. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an n-abróidh sé, i gcás Ghaeltacht Thír Chonaill, cad iad na scéimeanna forbartha a d'fhógair sé a chuirfí i gcrích faoi na cinnteidil seo a leanas: (1) monarchana nua agus méadú ar mhonarchana eile (2) tógáil agus feabhsú céanna agus calafort (3) aerstráicí agus córais fharantóireachta (4) scéimeanna bóithre, uisce agus séarachais agus (5) scéimeanna éagsúla eile; agus an n-abróidh sé cad iad (a) na cinn a tosaíodh agus atá críochnaithe (b) na cinn a tosaíodh agus nach bhfuil críochnaithe go fóill agus (c) na cinn nár tosaíodh go nuige seo.

Tógfaidh sé tamall eolas faoi mar atá á lorg ag an Teachta a chur le chéile agus d'iarrfainn air an cheist a chur síos arís i gceann seachtaine.

Níor chuala mé an tAire.

Tá mórán eolais ag teastáil. Dá bhrí sin, má cuireann an Teachta an cheist síos arís i gceann seachtaine beidh an t-eolas ar fáil.

Top
Share