Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Jul 1975

Vol. 283 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

2. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén uair atá beartaithe aige Bille a thúirt os comhair na Dála chun Údarás na Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Beidh an Bille sin le túirt os comhair na Dála tar éis sos an tsamhraidh.

An mbeidh baill tofa ó na Gaeltachtaí ar an Údarás sin?

Thug mé tamall ag plé na ceiste seo le heagraíochtaí éagsúla ar fud na Gaeltachta agus, go háirithe, le heagraíochtaí cosúil le comharchumainn agus coistí forbartha agus le daoine áirithe. Fuair mé mórán moltaí agus tuairimí agus tá staidéar déanta agam i leith na dtuairimí agus na moltaí sin agus tá dréacht den Bhille ullamh agam anois chun túirt os comhair na Roinne.

An bhféachfaidh an tAire chuige go mbeidh cumhacht agus dóthain neamhspleáchais ag an údarás sin? Dúirt an tAire go raibh sé ag lorg tuairimí agus mar sin ó dhaoine. An nglacfaidh sé uaimse comhairle go dtabharfar neamhspleáchas agus cumhacht don údarás sin chun tograí agus obair fhónta a dhéanamh sa Ghaeltacht?

Beidh an-áthas orm tuairimí a fháil ón Teachta nó aon Teachta eile. Sé príomh-chuspóir an Bhille go mbeadh cumhachtaí leathana ag an údarás agus go mbeadh rannpháirtíocht ag pobal na Gaeltachta ina imeachtaí.

Top
Share