d'Aire na Gaeltachta cathain atá beartaithe aige Bille a thabhairt os comhair na Dála ag bunú Údarás na Gaeltachta.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.
13. D'fhiafraigh
Tabharfar an Bille os comhair na Dála a luaithe a bheidh dréacht réitithe ag an dréachtóir parlaiminte agus glanta ag an Rialtas.
Céard faoi an fo-thoghchán a bhí i nGaillimh Thiar?
Ná bac leis an bhfo-thoghchán.
Dúradh go mbeadh sé ar fáil i Mí Márta seo caite agus níl sé ar fáil fós.
Mar fhreagra ar an cheist dheireanach a chuir an Teachta Cunningham ormsa i Mí Iúil, dúras go raibh dóchas agamsa go mbeadh an Bille os comhair na Dála i rith na tréimhse roimh Nollaig. Tá an dóchas céanna agamsa. Tá an Bille ag an dréachtóir parlaiminte. Nuair a bheidh sé réidh cuirfear os comhair na Dála é.