Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Dec 1975

Vol. 286 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarchana in Acaill.

7. D'fhiafraigh

agusMr. Cunningham d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé, i gcás cuideachta (ainm tugtha) in Acaill, Contae Mhaigh Eo (a) ar mhol Gaeltarra Éireann tamall ó shin go ndúnfaí an mhonarcha toisc na comhpháirtithe eile a bheith imithe (b) ar ordaigh sé go gcuirfí ar ais an soláthar leictreachais tar éis é a ghearradh amach (c) ar baineadh amach an guthán agus, má baineadh, cén fáth (d) an bhfuil déantúsaíocht ar siúl inti faoi láthair agus (e) cé mhéad duine atá ag obair inti.

Tháinig toscaireacht ó Acaill chugamsa tamall ó shin maidir le deacrachtaí a bhí ag an tionscal sin agus d'iarr mé ar Ghaeltarra Éireann gach dícheall a dhéanamh chun na deacrachtaí sin a shárú.

Níor mhol Gaeltarra Éireann domsa go ndúnfaí an mhonarcha tamall ó shin.

Bhí easpa teicneolaíochta ar an gcomhlacht agus, mar sin, níor éirigh go maith leis an gnó. D'aontaigh Bord Ghaeltarra, ar a saor thoil fhéin, go gcuirfidh siad airgead ar fáil don chomhlacht chun an fhostaíocht a chosaint fhaid is a bhí cuardach ar siúl chun teacht ar fhoinse teicneolaíochta oiriúnach don ghnó. I dtuairim an bhoird bhí sé riachtanach an fhoireann a choimeád le chéile toisc taithí agus eolas ar leith a bheith acu maidir le hobair proiseála quartz. Tháinig Gaeltarra ar an gcinneadh in aineoin nach bhfuil siad freagrach as dliteannaisí an comhlachta.

Faoin scéim seo, tá Gaeltarra ag chur an méid airgid is lú ar fáil don chomhlacht go dtí go mbeidh scéala cinnte ann faoi sholáthar teicneolaíochta.

Tugtar le fios dom gur gearradh an soláthar leictreachais agus an guthán tamall ó shin de bhrí nár íocadh na billí in am. De réir an scéim speisialta a chuir Gaeltarra i bhfeidhm, íocadh as na billí seo in a dhiaidh sin agus cuireadh na seirbhísí ar fáil arís. Níor thugas aon ordú do Ghaeltarra sa gcás agus ní raibh aon ghá go dtabharfainn.

Níl mórán déantúsaíochta ar siúl faoi láthair sa mhonarcha agus caithfear fanacht ar na torthaí a bheadh le comhchainteanna atá ar siúl i láthair na huaire chun teacht ar theicneolaíocht don gnó. Táthar ag súil go mbeidh toradh fónta go luaith.

Glacaim agam nár éirigh go ró-mhaith leis an tionscail seo ach, ag an bpointe seo, tá sé mar phríomh-aidhm agam a chinntiú go sárófar na deacrachtaí agus go leanfar leis an dtionscal.

Sílím go bhféadfadh an tionscal seo dul chun cinn mór a dhéanamh in Acaill sna blianta atá rómhainn.

Nach mar seo atá an scéal—gur imigh dhá director, gur fágadh an bhábóg i lámha Ghaeltarra Éireann, go raibh fóthoghcán ar tí bheith ar siúl in iarthar Mhaigh Eo, gur tógadh amach an guthán agus an soláthar leictreachais agus gur chuir an tAire iachall ar Ghaeltarra Éireann an mhonarcha seo a choinneáil foscailte in ainm amháin? Tá an tAire ag imirt polaitíochta leis an monarcha seo agus lena lán ceann eile. Nach mar sin atá an scéal?

Ní ag imirt polaitíochta atáimse ach tá an Teachta Cunningham ag imirt polaitíochta. Sí an phríomh-aidhm atá agamsa ná an tionscal beag seo atá bunaithe ar cheann de na h-achmhainní nádúra is fearr in iarthar na hÉireann a shábháil. Mar adúras, bhuail mé le toscaireacht mhór ó cheantar Acla. Fuair mé achainí óna lán daoine agus na Teachtaí Dála sa dháilcheantar sin a chur san áireamh. Ní raibh aon fhó-thoghchán i gceist i ndeireadh Mhí Iúil. D'iarr mé ar Ghaeltarra Éireann, mar adúras san bhfreagra iomlán a thug mé, a ndícheall a dhéanamh chun an t-easpa teicneolaíochta a chomhlíonadh. Tuigim anois go bhfuil ag éirí go maith leis na cúrsaí agus go mbeidh toradh fónta ar fáil go luath. Tá dóchas agam go sárófar na deacrachtaí agus go mbeidh an tionscal beag seo in ann leanúint leis an obair.

Dúirt an tAire go mbeidh toradh fónta ar fáil. An bhfuil plé ar siúl idir Ghaeltarra Éireann nó Roinn na Gaeltachta le tionscal eile atá beartaithe a bhunú sa mhonarcha seo?

Tá Dúras go raibh chomhchainteanna ar siúl agus go raibh siad ag teacht chun dea-chríoch.

An fíor gur tógadh amach an telefón agus an soláthar leictreachais díreach roimh an dtoghchán?

Tá an Teacnta ag imirt polaitíochta agus is náireach an scéal é. Baineadh amach an guthán agus an soláthar leictreachais, faoi mar adúras, sar a dtáinigh Gaeltarra Éireann i gcabhair.

An cheéad cheist eile.

An dtiocfaidh leis an Aire a insint cé mhéid daoine atá ag obair sa mhonarcha sin anois?

Cé mhéid oibrithe atá ag obair ann agus cad tá á dhéanamh acu?

Níl a fios agam.

An bhfuil an tAire ag rá anois cé go raibh an tAire chomh díograiseach sin chun an mhonarcha seo a shábháil, an bhfuil sé in ann a rá leis an dTeach cé méid atá i bhfoireann na monarcha?

Caithfimid dul ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile.

(Cur isteach.)

Tá a fhios agam nach raibh an scéal ró-mhaith sa mhonarcha sin ach níl mise——

(Cur isteach.)

Ná bítear ag cur isteach.

Chuir an Teachta ceist agus bhí sé de cheart aige éisteach leis an bhfreagra.

(Cur isteach.)

8. D'fhiafraigh

agusMr. Cunningham d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé cé mhéad monarcha atá in Acaill agus cé mhéad oibrí i ngach monarcha díobh; an bhfuil tograí ar bith ann chun breis fostaíochta a chur ar fáil; agus, má tá, cad iad na tograí sin.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil dhá chomhthionscal in Acaill—ceann amháin i nDumha Éige ina bhfuil seacht nduine déag fostaithe agus ceann eile i mBun a Chorraigh atá ag tosú faoi láthair agus ina bhfuiltear ag súil le fostaíocht do 32.

Tuigim freisin go bhfuil socraithe déanta chun comhthionscail eile a bhunú go luath i mBun a Chorraigh in a bhfuiltear ag suil le fostaíocht do 35.

Tugann Gaeltarra Éireann deontais freisin do mhionscail éagsúla gan páirt a ghlacadh iontu agus i gCeantar Acla, tuigim to bhfuil deontais tugtha mar cabhair chun obair a chur ar fáil do 51 duine.

Monarcha, an ea?

Miontionscail. Idir na comhthionscail agus na miontionscail meastar go mbeidh fostaíocht breise ar fáil do suas le céad duine.

Luaigh an tAire dhá mhonarcha. An bhfuil an mhonarcha atá luaithe i gCeist a 7 san áireamh?

Tá dhá mhonarcha ann—ceann amháin i nDumha Éige agus an ceann eile i mBun a Chorraigh.

Cén fáth nach raibh an tAire in ann freagra a thabhairt ar an líon daoine a bhí fostaithe sa mhonarcha a bhí i gceist i gCeist a 7?

Ná bac le Ceist a 7 anois.

Nuair a bhí an tAire ag tabhairt freagra ar cheist dhíreach a chuireadh air mar gheall ar an líon daoine a bhí i gceist sa mhonarcha sin——

Seacht nduine déag.

——dúirt sé nach raibh a fhios aige. An bhfuil a fhios aige anois?

Seacht nduine déag.

Cén fáth nár thug an tAire an freagra sin ar dtús?

(Cur isteach.)

Cén sort earraí atá á dhéanamh ag an seacht nduine déag sa tionscal sin?

Sin ceist eile.

Nach bhfuil a fhios ag an Aire? Cad tá a dhéanamh acu?

I nDumha Éige, an ea?

Sa mhonarcha ina bhfuil an seacht nduine déag ag obair?

An bhfuil cead agam an freagra a léamh amach arís?

Níl. Ar aghaidh linn go dtí Ceist a 9.

Top
Share