Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Dec 1975

Vol. 286 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Forbairt na hOla.

9. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé cuntas don Dáil ar an eolas a fuair sé féin agus an fhoireann a chuaigh go hAlbain ag déanamh staidéir ar cheist na hola agus aroile; agus an bhfuil cuntas tugtha go fóill don Choiste Cumhachta nó d'eagras Stáit ar bith.

Thug mé cuairt ar ionaid do thionscal na hola in oirthuaisceart na hAlban d'fhonn staidéar a dhéanamh ar a mbeadh i ndán do réigiúin Ghaeltachta dá dtarlódh forbairt na hola amach ó chósta iarthair na hÉireann. Bhí deis agam

—freastal ar thaispeántas mór ina raibh innealra agus córais seirbhíse éagsúla a bhaineann leis an tionscal ola,

—bualadh le hionadaithe ó ghnólachtaí atá ag freastal ar riachtanais na gcomhlachtaí a bhíonn ag cuardach ola agus ag druileáil,

—cuirteanna a thabhairt ar chlós ina dtógtar ardáin ola, ar mhonarcha ina n-ullmhaítear píopaí lena n-úsáid faoin bhfarraige agus ar ionaid seirbhíse do thionscal na hola,

—scrúdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag an tionscal ola ar chalafort iascaigh, agus

—cúrsaí a phlé le hionadaithe ó eagrais a bhfuil gnóthaí forbartha faoina gcúram.

Dá bharr sin go léir is é mo thuairim gur fearr a bheidh ar mo chumas féin agus ar chumas Ghaeltarra Éireann féachaint chuige gurb é leas na Gaeltachta a thiocfaidh as an bhforbairt má aimseofar ola amach ó chósta an iarthair.

An bhfuil tuarascáil ar bith de bharr an turais seo ón Aire féin nó ó na Státseirbhísigh a bhí leis? Ar chuir sé an tuarascáil sin ar fáil don Roinn Tionscail agus Tráchtála atá ag plé leis an gceist seo faoi láthair nó cad a rinne sé nó cad tá sé ar tí a dhéanamh leis an dtuarascáil sin? An féidir liom mar urlabhraí Fhianna Fáil anseo cóip den tuarascáil sin a fháil?

Níl tuarascáil ar fáil ach tá eolas ar fáil in mo Roinnse agus ó Ghaeltarra Éireann. Más mian leis an Teachta an t-eolas sin a fháil i bhfoirm tuarascála cuirfidh mé ar fáil é.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire go rachaidh Gaeltarra Éireann san am atá le teacht isteach i ngnó soláthar ola agus artola agus gás.

Ar an gcéad dul síos, táim mar Aire na Gaeltachta i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála agus leis an Aire Iompair agus Cumhachta faoin gceist seo agus tá Gaeltarra Éireann i dteangmháil le comhlachtaí. Is é an toradh is fearr a tháinig as an dturas sin go bhfuil eolas níos fearr agus tuiscint níos fearr agamsa agus ag Gaeltarra Éireann ar cad a thárlóidh ó thaobh na réigiúin Ghaeltachta dhe má aimseofar ola ar chósta an iarthair.

Agus cuirfear an t-eolas sin ar fáil dúinn?

Gan dabht.

An féidir leis an Aire a insint dúinn ar thug sé cuairt ar Ghaeltacht na hAlban nuair a bhí sé ann agus ar dhein sé staidéar ar na módhanna atá in úsáid ansin leis an Ghaeilge a choinneáil beo.

Ní dheacha mé go Gaeltacht na hAlban ar an ócáid sin ach roimhe sin bhí mé ar cuairt i dTuaisceart na hAlban ag déanamh staidéar ar an Highland Development Board agus bhí coinne agam leis na heagrais Ghaeilge in Albain agus tá teangmháil an-mhaith idir na daoine ansin atá ag obair chun leas na teangan a chur chun cinn agus le mo Roinnse agus liom féin.

An bhféadfadh an tAire a chur in iúl dúinn na bealaí a cheapann sé go bhféadfadh an Ghaeltacht tairbhe a bhaint as tionscal na hola agus eile má éiríonn leis?

Níl eolas agamsa faoi sin.

Top
Share