Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Dec 1975

Vol. 286 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foilsiú Tuarascála.

17. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén uair a fhoilseofar go hoifigiúil tuarascáil an Choiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobal i dtaobh na Gaeilge; agus cén uair a chuirfear os comhair an Rialtais agus na Dála í.

Tá cóipeanna den tuarascáil sin á n-ullmhú faoi láthair agus, a luaithe a bheidh siad ar fáil, déanfar socruithe oifigiúla chun an tuarascáil a leagan faoi bhráid na Dála agus a fhoilsiú.

Is ait an rud é go bhfuil an tuarascáil seo go foirleathan i lámha daoine taobh amuigh den Dáil agus gur chuir mé tuairisc ar chóip den tuarascáil seo le déanaí agus ní bhfuair mé cóip de ó shin cé go bhfaca mé cóipeanna den tuarascáil seo i n-áiteacha eile. An fíor go bhfuil polasaí á bhunú ag an Aire nó ag Roinn na Seirbhíse Poiblí ar an chéad chóip, an réamh-chóip den tuarascáil seo a cuireadh os comhair an Aire i Mí Aibreán 1974? Cén fáth nach bhfuil sí ar fáil agus cén fáth go bhfuil polasaí an Rialtais bunaithe ar an réamhthuarascáil?

Faoi mar atá an scéal faoi láthair, fuair mise an chóip dheireanach i mí Meán Fhómhair.

(Cur isteach.)

Fuair mé dréachtchóip—b'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Teachta—i lár 1974. Ní réamh-chóip a bhí ann ar chor ar bith. Is " interim report" a bhí ann—tuarascáil an-bheag ar fad. Fuair mé í sin i lár 1974. Nílim ró-chinnte faoin dáta ach bhí sé i 1974 ach fuair mé an chóip dheireanach i Mí Méan Fhómair nó i dtosach Deireadh Fómhair agus d'iarr mé ar an gcoiste 400 cóipeanna a chur ar fáil a luaithe agus is féidir agus tuigim anois go mbeidh na cóipeanna sin ar fáil i gceann seachtaine. Ní raibh a fhios agamsa gur iarr an Teachta Cunningham ar mo Roinnse cóip a thabhairt dó agus gabhaim pardún leis. Sílim go bhfuil cúpla cóip im oifig agus tabharfar ceann dó. Maidir leis an gceist eile a chuir an Teachta faoi pholasaí an Rialtais chomh fada is a bhaineann sé leis an tuarascáil seo. Sé an chéad bheart a rinne an Chomhrialtas i dtaobh na Gaeilge an beart a rinne an tAire Oideachais i dtaobh an éigeantais. Ní raibh an réamh-chóip nó an "interim report" nó an cóip dheireanach ar fáil ag an am sin, sé sin, Mí na Márta, 1973.

Conas a thárla go bhfuil cóipeanna den tuarascáil seo ar fáil taobh amuigh de Roinn an Aire féin, taobh amuigh de Theach Laighean?

Chuir an coiste cúpla cóip ar fáil do mo Roinn ach is dócha gur chuir siad cóipeanna as fáil do daoine eile. Níl a fhios agam conas a tharla sé.

Ar cuireadh an tuarascáil seo os comhair an Rialtais?

Níor chuireadh. Beidh 400 cóipeanna ar fáil, tá súil agam, i gcionn seachtaine. Tá sé ar intinn agam ansan í a chur os comhair an Rialtais agus cóip a chur ar fáil do gach Teachta Dála agus gach Seanadóir agus lucht nuachtáin agus daoine mar sin.

An bhfuil an tAire buartha go bhfuil cóipeanna den tuarascáil seo ag gabháil thart?

Nuair a léigh mé an tuarascáil dheireanach chuir sé áthas agus gliondar croí orm mar cruthaíonn an tuarascáil sin go raibh an ceart ag an gComhrialtas i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

An bhfuil an tAire buartha go bhfuil cóipeanna den tuarascáil seo ag gabháil timpeall go neamh-oifigiúil agus nach bhfuil cóipeanna ar fáil do dhaoine cosúil leis an Teachta Cunningham, atá mar urlabhraí thar ceann an bFhreasúra anseo ar cheisteanna a bhaineas leis an Gaeltacht?

Tá pointe ag an Teachta. Níl mise freagarthach as ach cuirfidh mé cóip ar fáil don Teachta Cunningham chomh luath agus is féidir.

Top
Share