Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Dec 1975

Vol. 286 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarcha i gContae Chorcaigh.

5. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén obair atá beartaithe ag a Roinn a chur ar fáil do dhaoine a chaill a bpost de bharr dúnadh na monarchan i gCill na Martra, Contae Chorcaí.

Ní sa Ghaeltacht atá an mhonarcha a luaitear ach, faoi mar a mhínigh an tAire Tionscail agus Tráchtála i bhfreagra eile le déanaí, tá idirbheartaíocht ar siúl chun tionscal nua a bhunú sa mhonarcha sin.

An dtiocfaidh leis an Aire insint dúinn cathain a bheidh an tionscal nua seo ar fáil?

Mar adúras níl an mhonarcha seo sa Gaeltacht ar chor ar bith. Thug an tAire Tionscail and Tráchtála freagra iomlán cúpla seachtain ó shin anseo á chur in iúl go raibh an mhonarcha seo díolta le comhlacht ón Mór-Roinn agus go raibh idirbheartaíocht ar siúl chun tionscal a bhunú ann.

An bhfuil an mhonarcha ag tabhairt obair do mhuintir na Gaeltachta?

Níl aon eolas agam faoi sin le déanaí.

An fíor go ndúirt Aire na Gaeltachta go raibh sé ar tí Cill na Martra a thabhairt isteach sa Ghaeltacht agus go ndúirt sé sin dhá bhliain ó shin? Cad tá beartaithe aige anois?

Níl an ceart ag an Teachta Cunningham. Is ceist eile í sin.

Luaigh an tAire é sa bhfreagra.

Ba mhaith liom freagra a thabhairt. Tá cuid de cheantar Chill na Marta sa Ghalltacht. Tá ceist an ceantar sin a thabhairt isteach sa Ghaeltacht á breithniú ag mo Roinn.

(Cur isteach.)

Ní hé sin adúirt an tAire ar an radio.

Top
Share