Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Feb 1976

Vol. 287 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

34. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ráiteas faoin ngealltanas a thug sé i dtaobh bunú Údarás na Gaeltachta.

Beidh Bille ag teastáil chun Údarás na Gaeltachta a bhunú agus, faoi mar a dúirt mé cheana, tabharfar ós comhair na Dála é a luaithe a bheidh dréacht réitithe ag an dréachtóir Parlaiminte agus glanta ag an Rialtas.

An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte aon tuairim a thabhairt tar éis an méid atá ráite ag Aire na Gaeltachta? Dúirt sé bliain ó shin go mbeadh sé os comhair na Dála roimh laethanta saoire an tSamhraidh. Dúirt sé tar éis laethanta saoire an tSamhraidh go mbeadh sé os comhair na Dála roimh dheireadh na bliana agus anois dúirt an Rúnaí Parlaiminte go mbeadh sé os comhair na Dála go gairid. Cén chiall atá le "go gairid"?

Ní bheidh sé ann roimh Chaisc. Níl smacht ar bith ag Príomhaire an Rialtais ar na dréachtóirí Parlaiminte ná ar Gaeltarra Éireann ná ar Roinn na Gaeltachta.

An n-aontódh an Rúnaí Parlaiminte nach bhfuil aon chumhacht ag Aire ar bith a théann timpeall na tíre ag tabhairt geallúintí anseo agus ansiúd agus gan na geallúintí sin a chomhlíonadh?

Tá siad faoi smacht an Tí seo agus faoi smacht phobal na hÉireann.

An bhfuil cinnteidil an Bhille glanta ag an Rialtas cheana féin?

Ní doigh liom go bhfuil ach is féidir liom barántas a thabhairt don Teach go bhfuil obair á déanamh ag an Rialtas ar an mBille faoi láthair.

An fíor gur gá don Rialtas na cinnteidil sin a ghlacadh sar a dheineann an dréachtóir parlaiminte an Bille a ullmhú?

Níl mé cinnte faoin scéal seo ach ní dóigh liom go bhfuil an Bille sin gluaiste sách fada ar aghaidh chun é a dhéanamh mar is féidir nach bhfuil socrú nó réiteach déanta ag an Aire nó ag Gaeltarra Éireann nó ag an Roinn faoi an gcaoi is fearr nó an caoi ba chóir Údarás na Gaeltachta a bhunú agus an cruth a ba chóir a bheith air.

Dá bhrí sin tá sé ar ais ins an áit ina raibh sé trí bhliain ó shin.

An fíor go bhfuil raic ar siúl sa Rialtas mar gheall ar an údarás seo?

An bhfuil an rud a bhí sna páipéirí Dé Domhnaigh seo caite fíor sa mhéid go bhfuil athrú smaoinimh ag an Aire mar gheall ar an údarás don Ghaeltacht a bhí luaite aige roimhe seo?

Níl sé.

Top
Share