Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 17 Feb 1976

Vol. 288 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Radio na Gaeltachta.

9. D'fhiafraigh

den Aire Poist agus Telegrafa an bhféachfaidh sé chuige go dtabharfar am craolta sa bhreis do Radio na Gaeltachta.

Tá an t-aon fheidhm atá agam i leith uaireanta craolta Radio na Gaeltachta leagtha síos in Alt 19 den Acht Um Údarás Craolacháin, 1960, ina fhoráltar go mbeidh na tréimhsí a shocróidh an túdarás le haghaidh craolta faoi réir a gceadaithe ag an Aire Poist agus Telegrafa.

Tuigim nach bhfuil aon phleananna ag Údarás RTE faoi láthair uaireanta craolta Radio na Gaeltachta a mhéadú.

An nglacfaidh an tAire go bhfuil éileamh ag fás imeasc mhuintir na Gaeltachta chomh fada agus a bhaineann sé le réigiúin na Gaeltachta agus go mb'fhiú bheith ag breathnú ar an radio sin a leathnú?

Is maith an rud an tseirbhís a leathnú ach ní h-ionann sin agus uaireanta craolta a mhéadú. Níl suim ag Radio na Gaeltachta ná ag an údarás faoi láthair méadú ar na h-uaireanta. Ba mhaith leo úsáid níos fearr a dhéanamh de na h-uaireanta atá ann.

An aontaíonn an tAire go mbeadh sé úsáideach sa Ghaeltacht dá mbeadh seirbhís i gcóir na scoileanna á craoladh ag Radio na Gaeltachta?

Sin ceist eile a bhaineann leis an Aire Oideachais. Níl sé i gceist cur le méid an ama ar Radio na Gaeltachta ach freastal níos fearr a dhéanamh san am atá in úsáid faoi láthair. Is í an phríomh-aidhm atá ag Radio na Gaeltachta ná freastal ar na ceantair Ghaeltachta uilig. Níltear sásta go bhfuil an cúram sin á dhéanamh sách iomlán i dtaca le ceantair áirithe mar Mhaigh Eo thuaidh agus theas— ceantair Iorrais agus Tuar Mhic Éadaigh—nach bhfuair móráin deise go dtí seo cláracha uathu a bheith ar an tseirbhís.

Tá sé i gceist ag Radio na Gaeltachta an fhoireann a chur chuig na ceantair sin ar bhonn níos rialta. Tá sé i gceist freisin, i gcás na limistéar Gaeltachta atá i bhfad amach ó na stiúideonna i gCorca Dhuibhne agus i dTír Chonaill, freastal níos iomláine a dhéanamh ar na ceantair imeallacha mar An Rinn, Múscraí agus Cléire ó dheas agus deisceart Thír Chonaill, mar shampla Cill Chárthaigh agus Gleann Colmcille ó thuaidh. Tá freastal níos iomláine ar na hoileáin i gceist chomh maith.

San tréimhse leath-bhliana atá imithe tharainn, tá méid áirithe déanta sna limistéir éagsúla ar bhonn trialach. Ar ndóigh, ní miste a mheabhrú go bhfuil costas nach beag ag baint leis an bhfreastal seo. Murab ionann agus cláracha RTE, a ndéantar riar mhór díobh i stiúideonna, tá cuid mhaith taistil ag baint le cláracha Radio na Gaeltachta. Cosnóidh sé go leor airgid bhreise an freastal níos iomláine atá i gceist ag Radio na Gaeltachta a chur i gcrích. Tá RTE ag féachaint conas is fearr chur chun na hoibre sin, ag cur san áireamh an ghéarchéim airgeadais atá ar an eagraíocht faoi láthair.

Top
Share