Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Feb 1976

Vol. 288 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Oideachas Bunscoile.

23. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil £100 sa bhliain á lorg anois ó gach dalta as Árainn Mhór agus na hoileáin eile a bhfuil cónaí orthu sna hiarbhunscoileanna ar an mórthír; agus an inseoidh sé cén cúnamh is féidir lena Roinn a thabhairt sa dóigh go mbeidh na daltaí sin ábalta leanstan le hoideachas iarbhunscoile.

Tá an táille iomlán aíochta á íoc ag mo Roinn i leith cúigear dalta is fiche a bhfuil a dteach cónaí suite ar oileáin agus atá ag freastal mar dhaltaí aíochta ar iarbhunscoileanna ar an mór thír i gContae Dhún na nGall.

Tá daichead dalta eile ó oileáin atá ag freastal ar na scoileanna céanna agus a bhfuil páirtdheontas á íoc ina leith.

Is oth liom nach féidir níos mó a dhéanamh faoi na rialacháin a bhaineas leis an scéim seo.

An bhfuil an Aire in ann a rá cén uasluach deontais a íoctar agus an n-admhaíonn sé gur gá don Roinn rud éigin a dhéanamh maidir leis an difríocht idir uasluach na ndeontas faoi láthair agus an £100 a íocann an Roinn?

Tá deontas de £50 in n-áit na coda táille teagaisc de tháille iomlán na scoile. Tá liúntas i leith cothaithe ríomhtha de réir an chodáin ocht cúigiú cuid déag den táille iomlán lúide an táille teagaisc agus liúntas breise i leith cothaithe ríomhtha de réir an chodáin seacht cúigiú déag den táille iomlán lúide an táille teagaisc. Anois tá an uasteorainn leagtha síos agus ní féidir liomsa imeacht ó sin i gcásanna speisialta.

Is í seo an cheist. Go dtí seo bhí na deontaisí ábalta an íocaíocht a dhéanamh as íostas ins na scoileanna nó cóngarach do na scoileanna. Anois níl agus dá bhrí sin nach n-abraíonn sé gur ceart athbhreithniú a dhéanamh air seo toisc gur gá do mhuintir na n-oileán fanacht sa scoil nó i dtithe in aice na scoile?

Is mian liom aontú leis an Teachta go bhfuil na rudaí seo go léir á n-iniúchadh againn an t-am ar fad.

An dóigh leis an Aire tar éis an iniúchtha sin go mbeidh sé ábalta gan mhoil a chur in áireamh an chostas aíochta a chealú i gcásanna mar seo?

Ní féidir liomsa aon gheallúint a thúirt.

Cén dáta a socraíodh ar mhéid na ndeontas seo?

Sa bhliain 1974-75 a chuireadh an uasteora ioncaim atá i gceist i bhfeidhm.

Top
Share