Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 Feb 1976

Vol. 288 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscal Soltoys Teo.

31. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid a cailleadh le tionscal Soltoys Teo., An Spidéal, Contae na Gaillimhe ó chuir sé ar bun é sa bhliain 1973.

32. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid duine a bhí fostaithe i dtionscal Soltoys Teo., An Spidéal, Contae na Gaillimhe an 31 Nollaig, 1973, 1974, 1975 agus ar an dáta is déanaí is eol i mí Feabhra, 1976.

Le cead an Cheann Comhairle tóghfaidh mé Ceisteanna a 31 agus a 32 le chéile.

Níl figiúirí ar fáil don Spidéal amháin toisc go mbaineann an tionscal sin le Croithlí i gContae Dhún na nGall chomh maith. Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur tharla caillteanas mar seo a leanas ar an tionscal iomlán:—£67,340 sa bhliain go 30 Meitheamh, 1974 agus £126,768 sa bhliain go 30 Meitheamh, 1975.

Thug mé an t-eolas i dtaobh na fostaíochta go dtí an 31 Nollaig, 1975 ar an 29 Eanáir, 1976. Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur tháinig deireadh ó shin leis an gcuid de thionscal Soltoys Teo. a bhí sa Spidéal agus gur tugadh fostaíocht i dtionscal eile do 43 de na daoine a bhíodh ag obair ann.

An bhfuil an tAire ag rá gur rinne an Roinn nó Gaeltarra Éireann an íochaíocht de £200,000 le Soltoys?

Sé mo thuairim gur Gaeltarra Éireann a rinne é. Sílim gur Gaeltarra Éireann a rinne an caillteanas a íoc ach tá ath-eagrú agus ath-structúr déanta ó shin. Tabharfaidh mé an t-eolas atá agam anseo.

(Cur isteach.)

Tá mé chun an t-eolas iomlán a chur ar fáil. De réir mar a thuigimse an scéal bhí caillteanas ar thionscal na mbréagán mar seo leanas: 1970, £85,000, 1971, caillteanas de £91,000, 1972, caillteanas de £107,000. I 1973 rinneadh socraithe le comhlacht Solas Teoranta chun dul isteach sa tionscal sin agus d'éirigh cuíosach maith leis an comhlacht nua sin i 1974, sé sin, d'éirigh leo an caillteanas sin a laghdú ó £107,000 1972 go dtí £67,000 i ndeireadh 1974 ach do tharla deacrachtaí margaíochta, go háirithe ins an margadh easpórtála i 1975 agus dá bharr sin ní raibh aon mhaitheas a bheith ag leanúint le déantús mar sin sa Spideál. Do rinneadh ath-eagrú agus ath-structúr le comhoibriú ón lucht oibre agus na ceardchumainn. Beidh an deantús breagáin as seo amach i Croithlí, Contae Dhun na nGall agus beidh déantús eile ar siúl sa Spidéal.

Cén réiteach a rinneadh le Solas Teoranta nuair a thánadar isteach sa comhlacht seo sa bhliain 1973? An bhféadfadh an tAire eolas a chur ar fáil don Teach maidir leis an méid airgid a chuir Solas Teoranta sa comhlacht nua, cén céatadán de na scaireanna a bhí ar fáil do Sholas Teoranta? An bhfuil sé fíor gur cuireadh £120,000 ar fáil ag Gaeltarra Éireann do chomhlacht nua? Más fíor, an bhfuil an t-airgead sin san áireamh, san caillteanas úd a luaigh an tAire, sa £67,000?

I dtuarascáil Ghaeltarra Éireann do 1974 luadh go raibh 26 faoin gcéad de gnáthscaranna Soltoys Teoranta ag Gaeltarra Éireann, rud a d'fhág 74 faoin gcéad ag Solas Teoranta, an méid airgid a bhí i gceist £11,820.

Cé mhéid airgid a chur Solas Teoranta isteach sa gcomhlacht nua?

De réir an t-eolas atá agam, agus mar ata luaite agam, £11,820.

Ar thug an tAire sonraí an chaillteanas don bhliain 1975?

Thug mé.

(Cur isteach.)

Tá mé ag dul ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile. Ceist a 33.

(Cur isteach.)

Top
Share