Tá mé buíoch as ucht an seans a tugadh dom an cheist seo a phlé ar an Athló anocht. Inniu sa Dáil ag Tráth na gCeisteanna chuir mé na ceisteanna seo ar an Aire:
31. Chun a fhiafraí d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid a cailleadh le tionscal Soltoys Teo., an Spidéal, Contae na Gaillimhe ó chuir sé ar bun é an bhliain 1975.
agus
32. Chun a fhiafraí d'Aire na Gaeltachta cé mhéid duine a bhí fostaithe i dtionscal Soltoys Teo., an Spidéal, Cantae na Gaillimhe an 31 Nollaig, 1973, 1974, 1975 agus ar an dáta is déanaí is eol i mí Feabhra, 1976.
Sé an freagra a thug an tAire ar cheist a 31 ná:
Níl figiúirí ar fáil don Spidéal amháin toisc go mbaineann an tionscal sin le Croithlí i gContae Dhún na nGall chomh maith. Tuigim ó Gaeltarra Éireann gur tharla caill teanas mar seo a leanas ar an tionscal iomlán:
£67,340 sa bhliain go 30 Meitheamh, 1974 agus £126,768 sa bhliain go 30 Meitheamh, 1975.
Ar cheist a 32 thug sé an freagra seo:
Thug mé an t-eolas i dtaobh na fostaíochta go dtí an 31 Nollaig, 1975 ar an 29 Eanáir, 1976. Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur tháinig deireadh ó shin leis an gcuid de thionscal Soltoys Teo a bhí sa Spidéal agus gur tugadh fostaíocht i dtionscal eile do 43 de na daoine a bhíodh ag obair ann.
Mar fhreagra ar thuille ceisteanna uaimse thug an tAire an t-eolas seo a leanas: (1) Gurb é a thuairim gurab é Gaeltarra Éireann a íoc as an chailliúint £200,000 idir Meitheamh, 1973, agus Meitheamh. 1975, ach nach raibh sé ró-chinnte cé íoc as nó cér ab as a tháinig an t-airgead. Ní raibh mé sásta leis an fhreagra sin agus teastaíonn eolas cruinn uaim faoi sin; (2) Dúirt an tAire chomh maith go raibh 74 faoin gcéad de ghnáth scaireanna Soltoys Teoranta ag Solas Teoranta agus chuir Solas Teoranta £11,020 isteach sa chomhlacht nua i dtús Aibreáin, 1973. Más fíor an méid sin, nochtann sé scéal aisteach ar fad, sé sin, gurbh fhéidir le comhlacht phríobháideach 74 faoin gcéad de chomhlacht Stáit ar fiú a luach ar a laghad £300,000 a fháil ar íocaíocht £12,000.
An é seo an scéal seo ar fad? Níor fhreaghair an tAire an cheist eile a chuir mé air, sé sin, an fíor gur chuir Gaeltara Éireann £120,000 ar fáil do Soltoys tar éis 74 faoin gcéad de na gnáth scaireanna a thabhairt do Sholas Teoranta i 1973? Chomh maith leis sin an n-innseodh an tAire an fíor gur aontaigh Gaeltara Éireann i mí Márta, 1975, £115,000 eile a thabhairt do Sholtoys Teoranta, agus más fíor é sin agus chreidim é, an bhfuil an t-airgead sin ar fad íoctha le Soltoys Teoranta ó shin? Agus, fós, ba mhaith liom a fháil amach an fíor gur chuir Gaeltara Éireann £90,000 eile isteach san gnó seo, airgead a bhfuaireadar ar iasacht ar an choinníoll go mbeadh Gaeltarra Éireann sásta an méid sin a íoc le Soltoys mar dheontas chun fiacha bainc a glanadh.
De réir an méid atá ráite agam, fuair Solas Teoranta margadh an-mhaith ar fad; sé sin, 74 faoin gcéad de ghnáth scaireanna, meaisíní, stoc ar fiú ar a laghad £300,000 iad, agus tá mé cinnte go bhfuil an figiúir sin aníseal. Chomh maith le sin, fuaireadar deontas de £235,000, sé sin, £535,000 ar fad agus gan le híoc ag Solas Teoranta ach £12,000.
Dúirt an tAire sa Dáil inniu, de réir an Tuairisce Oifigiúla go ndearnadh socraithe i 1973 le comhlacht Sholas Teoranta chun dul isteach sa tionscal sin agus gur éirigh cuíosach maith leis an gcomhlacht nua sin sa bhliain 1974, sé sin, d'éirigh leo an caillteanas sin a laghdú ó £107,000 i 1972 go £67,000 i ndeireadh na bliana 1974. Má cheapann an tAire gur éirigh cuíosach maith leis an chomhlacht sin i 1974 agus nár cailleadh ach £67,000, an bhféadhadh sé a mhíniú don Teach cad a thárla don £120,000? Nach caillteanas díreach é sin? An bhfuil sé ag rá gur cailleadh £120,000 in éineacht leis an £67,000 a luaigh sé, sé sin, £187,000, ar fad i 1974? Nó an bhfuil sé ag rá gur cailleadh £67,000 tar éis an deontas de £120,000 a bhaint den chaillteanas iomlán?
An fíor nár ghlac Gaeltarra Éireann aon pháirt i riaradh na comhlachta nua Soltoys Teoranta ó Aibreán 1973 go Samhradh 1975, cé go raibh, de réir an Aire, 26 faoin gcéad de na gnáth scaireanna ann, go raibh £120,000 deontas íoctha acu. Deirtear liomsa nach bhfuil an méid a dúirt an tAire linn inniu ceart, sé sin, faoi 74 faoin gcéad de na scaireanna a bheith ag Solas Teoranta. Tuigim go raibh céad faoin gcéad de na scaireanna fós ag Gaeltarra ach nár ghlacadar aon pháirt i riaradh an mhonarchan go dtí Samhradh, 1975. Más fíor é sin, is an-aisteach an scéal é agus tá míniú ag teastáil. Chomh maith leis sin, dúradh go raibh rogha ag Solas Teoranta 74 faoin gcéad de na scaireanna a ghlacadh tar éis trí bhliain.
Is léir gur deineadh praiseach ceart den tionscail seo a bhí bunaithe le bréagáin a dhéanamh sa Spidéal i monarcha nua ó 1963. Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire anocht cad tá in ann anois do thionscail na mbréagán sa Spidéal. Deireann an tAire go bhfuil sé beartaithe an tionscal seo a dhúnadh ar fad agus an gnó a aistriú go Dún na nGall. Tuigim go raibh dhá mhonarcha ag Soltoys, ceann in nDún na nGall agus ceann i nGaillimh. Bhí 62 daoine fostaithe i nGaillimh; ní raibh ach 41 fostaithe in nDún na Gall. Cén fá gur bheartaigh sé an ceann is mó sa Spidéal a dhúnadh agus leanúint ar aghaidh leis an gceann i nDún na Gall agus na meaisíní, an stoc agus aroile a chur suas go dtí Dún na Gall? Is masladh é sin do mhuintir Ghaeltacht Chonamara gur dúnadh an mhonarcha ar chor ar bith agus go háithrid gur dúnadh é agus gur leanadh ar aghaidh leis an ceann i nDún na Gall.
Cad tá in ann anois do thionscal na mbréagán? Cad tá in ann dóibh siúd atá gan obair anois sa Spidéal? De réir figiúirí an Aire, tá 19 daoine sa Spidéal as a bpost de bharr an rud seo ar fad. Tá sé soiléir go bhfuil na mílte púnt imithe le sruth. Cad tá in ann don mhonarcha atá folamh nó beagnach folamh anois? An cheist dheireanach—beidh 20 nóiméad ag an Aire chun freagra a thabhairt—cé mhéid airgid ar fad a chailleadh leis an mbeartas seo, Solus Teoranta, Gaeltarra Éireann agus Soltoys Teoranta?