Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Apr 1976

Vol. 289 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Uisce Ros an Mhíl.

19. Fiafraí

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé chun airgead a chur ar fáil do Chomhairle Contae na Gaillimhe i mbliana chun scéim uisce Ros an Mhíl a thosú; agus, má tá, cé mhéad airgid atá i gceist agus cathain a thosófar ar an obair.

Tá socrú á dhéanamh chun uisce a chur ar fáil do Cé Ros an Mhíl i mbliana.

An féidir leis an Aire a rá an bhfuil airgead curtha i leataobh dá réir?

Cén áit ina bhfuil sé agus cé mhéid airgid atá curtha ar leataobh?

Níl na sonraí sin agam, ach is í an cheist a chuir an Teachta orm ná an raibh airgead á chur ar fáil. Dúras go raibh na socraithe á ndéanamh faoi láthair agus cinnte go rabhthas chun é a chur ar fáil.

Nach nglacfaidh an tAire go gcuirtear an t-airgead seo ar leataobh ag tús na bliana? An féidir leis a rá liomsa cá h-áit a bhfuil na sonraí sin le feiscint? Má tá sé curtha ar leataobh ba cheart go mbeadh an tAire in ann a rá liomsa cén áit a bhfuil sé.

Dúras go bhfuil na socraithe á ndéanamh faoi láthair agus tá an t-airgead san áireamh.

San cheist seo don Aire luaitear "cé mhéad airgid atá i gceist". Ar chuala mé an tAire i gceart nuair adúirt sé nár luadh aon airgead sa cheist? Cé mhéad airgid atá i gceist?

Dúras go raibh na socraithe á ndéanamh faoi láthair agus go raibh an t-airgead san áireamh.

Cé mhéad airgid?

Níl an figiúir agam mar níl na socraithe déanta.

Níor cuireadh aon airgead ar fáil.

Dúirt an tAire go raibh airgead ar leataobh. Ní féidir leis a rá cá bhfuil sé, nó cé mhéad?

Dúras sa bhfreagra go raibh na socraithe á ndéanamh chun an t-uisce a chur ar fáil i mbliana do Cé Ros an Mhíl. Go dtí go mbeidh na sonraí, an costas go léir, ar fáil, ní féidir liom ag an bpointe seo, an tsuim cheart a thúirt.

Níl aon airgead ann.

Top
Share