Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Jun 1976

Vol. 291 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarchana Cniotála.

15. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn ag Gaeltarra Éireann na monarchana cniotála i mBanatrá, Poll a' Tómais agus i gCeathrú Thaidhg, Contae Mhaigh Eo a dhruid; agus, má tá, an inseoidh sé cén fáth.

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gurb é atá ar intinn acu ná leanúint den chniotáil sna hionaid sin go dtí go n-éireoidh leo obair shásúil eile a chur ar fáil do na daoine atá fostaithe iontu.

Cén fáth go bhfuil sé i gceist ag Gaeltarra Éireann an obair atá ar siúl i láthair na h-uaire a chur ar cheal?

Tá sé mar pholasaí ag Gaeltarra Éireann ar feadh cúpla bliain anois ath-eagrú agus ath-struc-túr a dhéanamh ar an rannóg chniotála agus an rannóg bhréidín agus ó thaobh an tionscal cniotála dhe tá sé beartaithe acu an tionscal sin a chomhdhlúthú i ndhá ionad—ceann amháin i dTuar Mhic Éidigh i gContae Mhaigh Eo agus an ceann eile i mBaile Mhic Ire i gContae Chorcaigh agus de bharr cuid den pholasaí sin tá siad ag iarraidh fostaíocht eile a chur isteach.

An bhfuil an tAire sásta a gheallúint nach mbeidh aon di-fhostaíocht sna monarchana seo?

Tá nóta agam anseo agus ba mhaith liom a chur in iúi don Teachta: "D'fhonn aon mhí-thuiscint a sheachaint meabhró-far do Ghaeltarra go bhfuil cead an Aire ag teastáil i gcónaí chun aon cheann de na h-ionaid atá i gceist a dhúnadh agus níl sé i gceist ar chor ar bith aon cheann de na h-ionad a dhúnadh." Ní bheidh aon duine dí-fhostaithe.

An dtig leis an Aire a rá cén cineál oibre a bhéas curtha ar siúl sna monarchana seo tar éis an obair chniotála a bheith athraithe?

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuil an cheist sin á plé le cúpla comhlachtaí. Tuigim gur obair a bheadh oiriúnach don lucht oibre a bheidh ann, sé sin, saghas obair teicstíleach.

An bhfuil sé fíor go bhfuil na monarchana seo ag obair le brabach i láthair na h-uaire agus nach bhfuil cailliúint i gceist i láthair na h-uaire?

Níl an t-eolas sin agam agus níl mé ró-chinnte ach is féidir liom a rá gur rinne an rannóg chniotála brabach anuraidh don chéad uair ach sé sin an tionscal go h-iomlán agus d'éirigh an brabach sin de bharr an polasaí ath-eagraithe agus ath-structúir a bhí á chur i bhfeidhm ag Gaeltarra Éireann. Ach ón eolas atá ar fáil i dtaobh na dtrí ionad i Maigh Eo thuaidh tuigim nach bhfuil brabach á dhéanamh, sé sin, nach bhfuil na tionscail sin nó na hionaid sin ag obair ar bhonn éifeachtúil.

Ar bhonn éifeach-túil.

Tá a fhios ag an Aire, b'fhéidir, gur rinne Gaeltarra Éireann iarracht cheana féin na h-ionaid seo a dhúnadh?

Sea, i 1971.

Agur gur chuir mise stop leis an iarracht sin?

Tá súil agam nach ligfidh an tAire é sin a thitim amach maidir leis na hoibrithe sna monarchana seo.

Mar fhocal scoir, a Cheann Comhairle, beidh cead an Aire ag teastáil sul a ndúnfaí aon tionscal mar seo agus, mar adúras, nuair a bhí mé ag tabhairt freagra ar an Teachta Gallagher, níl sé i gceist aon cheann de na h-ionaid sin a dhúnadh.

Top
Share