d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé chun brúnna a chur ar fáil do scoláirí as Inis Meáin atá ag freastal ar Cheardscoil Chill Ronáin, Árainn, Contae na Gaillimhe; agus, má tá an mbeidh siad ar fáil i mí Mheán Fómhair seo chugainn.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Soláthar Brúnna.
16. D'fhiafraigh
Ní chuírímse brúnna ar fáil in aon áit ach, faoi mar a mhínigh mé cheana ar an 1 Aibreán seo caite, dá mba léir go mbeadh gá le cóiríocht speisíalta chónaithe do dhaltaí ar Inis Mór, mar shampla mura mbeadh lóistín oiriúnach le fáil acu, agus go mbeadh fonn ar choiste brú a thógáil dóibh, bheinnse sásta iarratas ón gcoiste ar dheontas a bhreithniú go báúil. Ó shin i leith níor léiríodh dom gur mar sin atá an scéal ná ní bhfuair mé aon iarratas ó choiste.