Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Jun 1976

Vol. 291 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Rural Electrification.

18.

asked the Minister for the Gaeltacht the present position regarding the proposal to provide an electricity network on Inis Meáin, Aran Islands, County Galway.

19. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén t-am a bheidh córas leictreachais ar fáil ar Inis Meáin, Árainn, Contae na Gaillimhe; agus an dtabharfaidh sé míniú ar an moill go dtí seo.

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceist a 18 agus Ceist a 19 le chéile. Is amhlaidh nach féidir dul chun cinn a dhéanamh d'fhonn stáisiún gineadóireachta a bhunú ar oileán le deontas ó mo Roinnse go dtí go mbíonn iarratas ó chomharchumann ar an oileán a bhíonn sásta na socruithe uile a dhéanamh leis na hoileánaigh agus an córas leictreachais a reachtáil. Beifear i gcomhairle arís le Comharchumann Inis Meáin a luaithe a bheidh pleanáil déanta agus tairiscintí faighte ag Bord Soláthair an Leictreachais.

An fíor go bhfuil an scéal seo ar siúl le fada an lá, nach bhfuil dul chun cinn ar bith le feiscint agus go bhfuil an fhadhb chéanna ann i gcónaí, sé sin, go bhfuil an t-Aire ag rá: "Ní dhéanfaidh mé rud ar bith go dtí go bhfaighidh mé mol-taí ó chomharchumann atá sásta an gineadóir a choinneál agus nach bhfuil comharchumann sásta é sin a dhéanamh." An féidir aon ní a dhéanamh chun an fhadhb sin a réiteach?

Tá comharchumann oifigiúil bunaithe anois ar feadh cúpla mí ar Inis Meáin agus tá an comharchumann ag dul ar aghaidh leis na socraithe chun an leictreachas a chur ar fáil do mhuintir Inis Meáin. Tá Bord Soláthair an Leictreachais ag ullmhú pleananna faoi láthair ar chostas £90,000 meastar.

Cathain dar leis an Aire a tharlóidh é seo?

Tá gach rud ag dul ar aghaidh go maith. Tá an comharchumann bunaithe agus tá na pleananna á n-ullmhú ag Bord Soláthair an Leictreachais.

Dúirt an t-Aire go raibh sé ag fanacht le moltaí ón gcomharchumann. Cá bhfuil siad? Dúirt an t-Aire go raibh obair ar siúl ag Bord Soláthair an Leictreachais. Cad na thaobh ná fuil pleananna ná moltaí os comhair an Aire? An bhfuil an obair ar siúl go neamh-oifigiúil?

Tá a fhios ag an Teachta, mar is iar-Aire na Gaeltachta é, conas a chuirtear an leictreachas ar fáil sna hoileáin Ghaeltachta. Ar an gcéad dul síos caithfidh eagras áitiúil a bheith ann, comharchumann nó coiste áitiúil, agus is tré an choiste sin a rinneadh na socraithe. Cuireann Roinn na Gaeltachta an costas caipitil iomlán ar fáil. Sí an fhadhb a bhí ar oileán Inis Meáin nach raibh aon iarratas ag teacht chuig mo Roinn go dtí le déanaí. Ach anois tá dóchas nua ag muintir Inis Meáin ós rud é go bhfuil comharchumann an-mhaith bunaithe acu agus tá siad ag dul ar aghaidh leis na socraithe faoi mar a dhéanann muintir Inis Mór, Inis Meáin, Oileán Cléire agus na hoileáin eile. Tá Bord Soláthair an Leictreachais ag dul ar aghaidh anois leis na socraithe agus, le cúnamh Dé, beidh an obair tosnaithe sar i bhfad.

Ach níl aon mholtaí os comhair an Aire fós.

The remaining questions will appear on tomorrow's Order Paper.

Top
Share