d'Aire na Gaeltachta cén dáta a d'fhógair sé den chéad uair go mbeadh aerstráice i nDún na nGall.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráicí sa Ghaeltacht.
Luaigh mé anseo sa Dáil ar an gcéad lá de Shamhain, 1973 go rabhthas ag plé le cúrsaí teidil do láithreán d'aerstráice i nGaeltacht Dhún na nGall.
An féidir leis an Aire a rá an é seo an aerstráice a bhí i gceist aige ag deireadh na seachtaine?
Ní h-é. Níor éirigh leis an gcoiste áitiúil an láithreán a chur ar fáil agus, dá bhrí sin, bhí ar Ghaeltarra Éireann láithreán eile a lorg. D'éirigh leo agus tá aerstráice críochnaithe anois i gCarraig na Finne.
An amhlaidh mar sin nach bhfuil an aerstráice a d'fhógair an tAire in 1973 ann ar chor ar bith?
Is aerstráice i nGaeltacht Dhún na nGall a bhí i gceist ach tá láithreán eile anois.
Sé fírinne an scéil gur fhógair an tAire i 1973 go mbeadh aerstráice i nDún na nGall agus nach mbeidh an ceann sin ann ar chor ar bith anois?
Sé an——
Ach an ceann d'fhógair tú ní bheidh sé ann.
Bhíothas ag plé le cúrsaí teidil do láithreán d'aerstráice i nGaeltacht Dhún na nGall.
41. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cé mhéid aerstráice atá sa Ghaeltacht faoi láthair; agus na dátaí a thosaigh an obair thógála.
42. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cé mhéid talún atá ceannaithe agus cé mhéid airgid sa mbreis atá le caitheamh ar gach ceann de na haerstráicí a d'fhógair sé i lár na míosa seo.
Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceist a 41 agus Ceist a 42 le chéile agus cuirfear an t-eolas, atá i bhfoirm tábla, timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.
Seo a leanas an t-eolas:
An t-aerstráice |
An bhliain inar thosaigh an obair fhorbartha |
An láithreán |
An t-airgead measta le caitheamh fós |
Inis Mór |
1970 |
Talamh ar léas |
— |
Inis Meáin |
1971 |
Talamh ar léas |
— |
Inis Oírr |
1976 |
Talamh ar léas |
— |
Carn Mór |
Daoine príobháideacha atá ag plé leis go dtí seo |
||
Baile an Sceilg |
1974 |
Timpeall 90 acra ceannaithe |
— |
Carraig na Finne |
1976 |
Talamh ar léas |
£4,000 |
Béal an Mhuirthead |
Níl tosaithe |
Talamh ar léas |
£40,000 |
Ascail |
Níl tosaithe |
Idirbheartaíocht ar siúl |
Níl socruithe |
An féidir leis an Aire a rá go bhfuil airgead curtha i Meastacháin na bliana seo le h-aghaidh na n-imeachtaí atá i gceist? An féidir leis a rá cé mhéid airgid atá curtha sna Meastacháin agus cá bhfuil sé?
Tá sé measta £40,000 a chur ar fáil d'aerstráice i mBéal an Mhuirthid.
Má fhéachann an tAire ar na Meastacháin an nglacfaidh sé gur deacair a fháil amach cá bhfuil an t-airgead seo nó cén áit as a dtiocfaidh sé mar níl aon tagairt ann?
Is iad Gaeltarra Éireann atá freagrach as ucht na n-aerstráicí agus tá an t-airgead ag Gaeltarra Éireann chun é sin a dhéanamh.
An féidir linn a bheith cinnte go gcaithfear an £40,000 ar an gceann i mBéal an Mhuirthid an bhliain seo?