Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 Feb 1977

Vol. 296 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an eol do go bhfuil animní ar mhuintir na Gaeltachta maidir leis an moill atá ag baint le bunú Údarás na Gaeltachta; agus an dtabharfaidh sé míniú ar an scéal.

Ní eol dom aon ní dá leithéid cé gur minic a bhím ag caint le muintir na Gaeltachta.

An nglacfadh an tAire gur fhógair sé Údarás na Gaeltachta cheithre bhliain ó shin, go ndearna sé ath-fhógairt air, gur fhógair sé é roimh an Nollaig seo caite agus go bhfuil sé saghas anois ina ábhar grinn ag daoine chomh maith le bheith ina ábhar imní agus an bhféadfadh sé a rá anois go cinnte cén uair a thiocfaidh sé?

Cinnte, d'fhógair mé Údarás na Gaeltachta trí bhliain nó trí bhliain go leith ó shin ach tá cuid mhaith déanta againn ó shin chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn. Chuir me an Chéad Chéim den Bhille isteach anseo díreach roimh Nollaig agus bhíos ag súil go mbeadh na Billí ar fáil i Mí Eanáir. Tá brón ormsa gur tharla fadhbanna dréachtóireachta agus go raibh moill bheag ann ach tá mé ag feitheamh leis an dá Bhille, sé sin, an Bille um Údarás na Gaeltachta agus an Bille um Bhord na Gaeilge go luath.

Sea. Nach nglacann an tAire nach féidir a rá go fírinneach gur moill bheag í moill trí bliana? An bhféadfadh sé a rá anois cathain a thiocfas an Bille os comhair na Dála?

Mar adúras, tá mé ag feitheamh agus ag súil leis an mBille go luath—seachtain nó cúpla seachtain.

An fíor go ndúirt an tAire ar agallamh ar Radio na Gaeltachta an t-am seo anuraidh go mbéadh Údarás na Gaeltachta bunaithe roimh Nollaig, 1976?

Thug mé a lán agallamh do Radio na Gaeltachta ó am go ham. Bhíos ag súil, mar adúras leis an Teachta Tunney, go mbéadh an dá Bhille ar fáil agus go mbéadh an tÚdarás bunaithe ach, mar sin féin, tá mé sásta gur fhógair mé an tÚdarás trí bhliain ó shin agus gur fhan mé go dtí seo mar tá níos mó eolais agam anois faoi fhadhbanna na Gaeltachta. Tá tuairimí mhuintir na Gaeltachta agam ó Dhún na nGall go Corcaigh agus na hoileáin chomh maith agus tuigim na fadhbanna i bhfad níos soiléire anois. Aontóidh an Teachta liom go bhfuil sé fíor-thábhachtach a chintiú go mbeidh an Bille um Údarás na Gaeltachta agus an Bille um Bhord na Gaeltachta ar na Billí is fearr is féidir a chur le chéile.

19. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na heagrais, gan Ranna Stáit a áireamh, lena ndeachaigh sé i gcomhairle maidir le bunú Údarás na Gaeltachta.

Is go neamh-fhoirmiúil a chuaigh mé i gcomhairle ina thaobh sin le heagrais éagsúla ar fud na Gaeltachta ó ceapadh mar Aire mé agus níor chuir mé liosta díobh le chéile.

An nglacfadh an tAire nach bhfuil an freagra sin cneasta gan trácht ar rud ar bith eile? D'iarr mé air na heagrais seo a lua, fiú amháin daoine a lua mar níl mé féin cinnte go ndeacha an tAire i gcomhairle le chuile dhuine sa Ghaeltacht nó chuile eagras ab fhiú dó a dhéanamh.

Bhí mé i gcomhairle le agus fuair mé tuairimí agus moltaí ó na céadta daoine agus ó eagrais ar fud na Gaeltachta——

Ag éirí as na hagallamha a bhí ag an Aire le muintir na Gaeltachta an féidir leis an Aire a rá cén caoi go bhfuil sé ar intinn aige ionadaí na Gaeltachta ar an Údarás a cheapadh, cuir i gcás?

Beidh a fhios ag an Teachta nuair a thiocfaidh an Bille os comhair na Dála i gceann tamaill.

Nach dtuigeann an tAire go bhfuil sé de cheart agamsa nó de dhulgas ormsa mar urlabhraí Fhianna Fáil, b'fhéidir, rud éigin a dhéanamh ar son na ndaoine seo agus, má ghlacann an tAire leis an dtuairim sin, glacfaidh sé nach ceart muidne a fhágáil san dorchadas chomh fada sin.

Tá tuairimí an Teachta agus tuairimí Theachtaí Fhianna Fáil mar a luadh iad anseo go minic sa Dáil curtha san áireamh agam.

An ndeacha an tAire i gcomhairle le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi bhunú Údarás na Gaeltachta os rud é gurab i Comhairle Chontae na Gaillimhe a phléann le ceann de na Gaeltachtaí is mó sa tír?

Níor chuaigh mé go foirmiúil i gcomhairle le Comhairle Chontae na Gaillimhe. Níor éirigh an cheist sin. Chomh fada agus is eol domsa ní bhfuair mé aon iarratas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

An ndeachaigh——

(Cur isteach.)

An bhfuil an tAire tar éis a rá go raibh sé i gcomhairle leo go neamh-fhoirmiúil?

Dúras anseo sa cheist go rabhas i gcomhairle go neamhfhoirmiúil leis nas céadta daoine sa Ghaeltacha agus bhí bainisteoirí——

Gabh mo leithscéal, a Cheann Comhairle. An raibh an tAire i gcomhairle le Comhairle Chontae na Gaillimhe? An raibh sé nó nach raibh?

Ní rabhas i gcomhairle go foirmeáilte le Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Ceann de na húdaráisí is mó sna Gaeltachtaí ar fud na tire.

Táimid ag dul ar aghaidh go dtí an chead cheist eile anois.

Baineann ceist na Gaeltachta le comhairlí contae i seacht gcontae.

An chéad cheist eile anois. An cheist dheireanach, ceart go leor.

An ndeacha an tAire i gcomhairle le comhairle chontae eile ina bhfuil cuid den Ghaeltacht?

Níl rabhas i gcomhairle go foirmeáilte le haon——

Chomhairle contae.

Top
Share