Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Mar 1977

Vol. 298 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tithe Gaeltachta.

7. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth go bhfuil gearradh siar, agus díluacháil airgid san áireamh, ar an méid airgid le haghaidh tithe Gaeltachta i Meastacháin na bliana seo le hais 1976.

Níl aon ghearradh siar i gceist.

An bhfuil aon ghearradh siar agus díluacháil airgid a chur san áireamh?

Sa Mheastachán do 1976 bhí £400,000. Caitheadh £351,892 i 1976 agus ins na Meastacháin do 1977 tá £410,000.

Níl an t-eolas sin againne. Is é seo a t-aon chaipéis amháin atá agamsa. Bhí £400,000 ann anuraidh agus bhí £410,000 ann i mbliana agus nuair a chuireann tú an díluacháil airgid i gceist tá laghdú ansin chomh fada is a bhaineann sé leis na Meastacháin.

Ceist academic í sin. Tá socraithe ar leith déanta agam chun tithe a thógáil ins na hoileáin Ghaeltachta amach ón gcósta.

An bhfuil sé i gceist ag an Aire méid an deontais a árdú agus an bhféadfadh sé a chur in iúl dúinn an bhfuil sé fíor nár ardaíodh deontas tithíochta sa Ghaeltacht seachas an cúpla tigh a thógfar ins na hoileáin— agus ní thógfar mórán in aon bhliain amháin—nach n-árdaíodh é ón mbliain 1973, mí Eanáir, agus nár tháinig aon árdú ar mhéid an deontais an fhad atá an Rialtas seo i gcumhacht cé gur chuaigh costaisí tógála i méid 100 faoin gcéad?

Tá i bhfad níos mó daoine ag obair agus fostaithe sa Ghaeltacht anois ná mar a bhí sa bhliain 1972——

(Cur isteach.)

Níl aon bhaint aige sin leis an gceist.

Tá agus baint mhór. Bím ag taisteal mór-thimpeall na Gaeltachta go minic agus is annamh a fuair mé gearán faoi mhéid an deontais ach faoi na daoine nach bhfuil cáilithe ó thaobh na teanga dhe agus rudaí mar sin. Ach d'ardaigh mé an deontas mí ó shin chun go mbeidh árdú 50 faoin gcéad ann chomh fada agus is cuimhin liom do mhuintir na n-oileán Gaeltachta.

Cad mar gheall ar Inis Bigile agus Achaill——

Tig leis an Teachta a bheith cinnte de dá mbeadh aon duine in Inis Bigile ar mhian leis teach a thógáil beidh an deontas céanna ar fáil dó.

Top
Share