d'Aire na Gaeltachta cé mhéid post feidhmiúcháin agus riaracháin a chruthaigh Gaeltarra Éireann sa Ghaeltacht le ceithre bliana anuas; agus cé mhéid acu a líonadh le daoine a rugadh san áit.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Postanna Feidhmiúcháin agus Riaracháin.
Tuigim ó Ghaeltarra Éireann nach mbailítear sonraí mar sin ó na tionscail a dtugtar cúnamh dóibh. Ach tá figiúirí anseo agam ó cheann oifig Ghaeltarra Éireann——
Níl sé sin sa cheist. Ar mhiste leis an tAire a rá cén fáth nach féidir leis, mar Aire na Gaeltachta, a chur in iúl cé mhéid daoine ón Ghaeltacht atá fostaithe i bpostanna bainisteoireachta agus feidhmiúcháin sa Ghaeltacht? An bhfuil sé dáiríre, agus an méid taistil atá déanta aige, nach bhfuil sé in ann é sin a rá?
Tá figiúirí ar fáil agam ó cheann oifig Ghaeltarra Éireann. An bhfuil an Teachta ag rá go mba chóir dom treoir a thabhairt do Ghaeltarra Éireann suirbhéireacht iomlán a dhéanamh i ngach tionscal Gaeltachta?
Tá.
Agus an gceapann an Teachta gur fiú é sin a dhéanamh agus an t-airgead a chaitheamh air?
Sea.
Tá go maith. Déanfaidh mé breithniú air.
An féidir leis an Aire a rá nach gá dúinne ach postanna mar sclábhaithe a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta? Nach ceart dúinn anois a bheith ag féachaint chuige gurab iad muintir na Gaeltachta a bhéas i mbun oibre ansin agus nach daoine ón dtaobh amuigh a bheidh ag teacht isteach orthu?
Tá meas mór agam ar an Teachta go pearsanta ach níl an méid atá ráite aige fíor ar chor ar bith. Tá postanna an-mhaithe curtha ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. Cuir i gcás, d'osclaíomar tionscal teicneolaíochta nua-aimseartha i gCor na Móna—an chéad ceann ariamh i stair an Stáit—agus tá postanna an-mhaithe do mhuintir na háite le fáil ann agus beidh.