Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Mar 1977

Vol. 298 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Soláthar Uisce agus Séarachais.

2. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid irratas le haghaidh deontais i leith soláthar uisce agus séarachais a bhí ar láimh aige an 1 Eanáir, 1976, agus an 1 Eanáir, 1977.

Is sa Roinn Rialtais Áitiúil is mó a bhíonn breithniú le déanamh ar iarratais a bhaineann le scéimeanna uisce agus séarachais agus is deontais fhorlíontacha a thugann mo Roinnse de ghnáth. Tugtar cinneadh gan mhoill ar iarratas ar dheontas forlíontach agus is annamh a bheadh níos mó ná iarratas amháin ar lámha agam.

An bhfuil an tAire sásta nach gá aon árdú a dhéanamh i mbliana?

Tá sé an-deacair an cheist a fhreagairt mar atá sé ann seo, mar baineann sí go háirithe leis an Roinn Rialtais Áitiúil—is leis an Roinn sin a bhaineann ceisteanna faoi scéimeanna uisce agus séarachais. Nuair a cheadaítear na scéimeanna sa Roinn Rialtais Áitiúil tagann siad faoi bhráid mo Roinnse. Is deontais forlíontacha iad seo agus glanann mo Roinnse iad díreach taréis dóibh teacht isteach.

An bhfuil an tAire ag rá liom go bhfuil sé sásta gur leor £120,000 i mbliana le haghaidh na scéimeanna seo?

Sílim gur leor é ós rud é nach bhfuil i gceist ach deontas forlíontach.

An nglacfadh an tAire go mba cheart leathnú a dhéanamh má táimid chun caighdeán maireachtála mhuintir na Gaeltachta a árdú faoi mar ba chóir?

Is é an tAire Rialtais Áitiúil atá freagarthach, ach bíonn mo Roinnse agus mé féin i gcomhairle ó am go ham leis an Roinn Rialtais Áitiúil faoi scéimeanna uisce agus séarachais. Cuir i gcás, tá scéim mhór faoi láthair i Ros an Mhíl agus chuaigh an dá Roinn le chéile. Bhí ceist sa Dáil an tseachtain seo caite faoi scéim uisce do Fhal Charrach agus dúichí eile mar sin. Aontaím leis an Teachta go bhfuil sé fíor-thábhachtach go gcuirfear uisce ar fáil do gach teaghlach sa Ghaeltacht chomh luath agus is féidir.

An bhfuil sé fíor i gcás scéimeanna uisce cosúil leis an scéim i Ros an Mhíl a lua an tAire gurab í Comhairle Chontae na Gaillimhe atá ag cur an uisce ar fáil agus nach nglacann Roinn na Gaeltachta aon pháirt ann taobh amuigh den deontas a íoc—gurab í an chomhairle chontae atá i mbun an obair agus a chuireann an t-airgead ar fáil?

Is fíor an méid atá ráite ag an Teachta ach caithfidh sé a admháil nach raibh sé i gcumas Comhairle Chontae na Gaillimhe faic ar bith a dhéanamh i dtaobh scéim Ros an Mhíl go dtí go bhfuaireadar cead ón Roinn Rialtais Áitiúil.

Nach bhfuil sé fíor gur mar sin a bhí an scéal i gcomhnuí?

Níl a fhios agam ach, chomh fada agus is eol domsa, is í an fhadhb a bhíonn ann ó am go ham nach mbíonn scéimeanna uisce ins na ceantair Ghaeltachta ró-ard ins na priorities a bhíonn ag na comhairlí contae.

Top
Share